|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Custuim agus Mal.) | Ar Aghaidh (CUID IV. Cain Phroifit Chorparaide.) |
ACHT AIRGID, 1926
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Diuitethe Bais. | |
[EN] |
Méadú ar rátaí diúité estáit. |
28. —(1) I gcás daoine a éagfidh ar dháta no tar éis dáta rithte an Achta so déanfar, fé réir forálacha an ailt seo, an scála atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur in ionad an scála atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1924 (Uimh. 27 de 1924) , mar an scála de rátaí diúité estáit. |
[EN] | (2) Má dineadh bona fide, roimh an 21adh lá d'Abrán, 1926, leas-le-teacht do réir bhrí Chuid I. den Finance Act, 1894, in aon mhaoin do dhíol no do chur fé mhorgáiste ar lán-chomaoine in airgead no i luach airgid, ansan ní bheidh iníoctha ar an maoin sin ag an gceannathóir no ag an morgáistí ar theacht i seilbh an leasa dho aon diúité eile ach an diúité do bheadh iníoctha dá mba ná rithfí an tAcht so, agus i gcás morgáiste áireofar mar mhuirear is déanaí ná muirear an mhorgáistí aon diúité is aoirde ná san agus is iníoctha ag an morgáisteoir. | |
[EN] |
An dáta ar a dtiocfidh comharbas chun crícheanna diúité chomharbais. |
29. —Chun crícheanna alt 18 den Finance Act, 1894, agus chun crícheanna alt 58 den Finance (1909-10) Act, 1910, tuigfar comharbas do theacht ar n-a thárla don bhás tré n-a dtáinig an comharba, no éinne ina cheart san no thar a cheann, i dteideal seilbh an chomharbais no i dteideal ioncum no proifit an chomharbais d'fháil. |