Ar Aghaidh (CUID I. An Chuirt Uachtarach agus an Ard-Chuirt.)

27 1926


Uimhir 27 de 1926.


ACHT OIFIGIGH CÚIRTE, 1926.


ACHT CHUN NA hOIFIGÍ AGUS NA hOIFIGIGH A BHAINFIDH LEIS NA CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS FÉ SEACH, AGUS LE BREITHIÚIN NA gCÚIRTEANNA SAN, DO BHUNÚ AGUS DO REGLEÁIL AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE A BHAINEAS LEIS SIN.

[9adh Iúl, 1926.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

ROIMHRA.

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht Oifigigh Cúirte, 1926 , do ghairm den Acht so.

(2) Tiocfidh an tAcht so i ngniomh pé lá a socrófar le hordú an Aire go generálta no maidir le haon Chuid áirithe den Acht so, agus féadfar laetheanta difriúla do shocrú i gcóir tosach feidhme Cuideanna difriúla den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

cialluíonn an focal “an Prímh-Bhreitheamh” Prímh-Bhreitheamh Shaorstáit Éireann;

cialluíonn an focal “cúirt” cúirt bhreithiúnais, do bunuíodh leis na hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 agus 1926 agus ní fholuíonn sé cúirt go mbíonn breitheamh de chúirt bhreithiúnais acu so ina ceannas ach nár bunuíodh leis na hAchtanna san.