|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV. DIUITETHE STAMPA.) | Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. Rátaí Diúitéthe, Ais-tarraicí, agus Liúntaisí Siúicre, etc.) |
ACHT AIRGID, 1925
[EN] | ||
[EN] |
CUID V. ILGHNEITHEACH AGUS GENERALTA. | |
[EN] |
Beidh mioninnste áirithe ina bhfianaise in athchomhairc áirithe. |
48. —Déanfar mion-innste aon instruimide a tíolaicfar do sna Coimisinéirí Ioncuim no a gheobhaid na Coimisinéirí sin (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin) fé alt 4 den Finance (1909-10) Act, 1910, do ghlaca, in aon athchomharc fé alt 33 no fé fho-alt (3) d'alt 60 den Acht san no fé alt 19 den Acht Airgid, 1923 , mar fhianaise prima facia ar gach ní agus rud adeirtar sna mionn-innste sin. |
[EN] |
Athchomhairc. |
49. —Dintar leis seo na hachtacháin uile agus fé seach a luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa triú colún den Sceideal san agus ar na dátaí fé seach a luaidhtear sa cheathrú colún den Sceideal san agus o sna dátaí sin amach. |
[EN] |
Gearr-theideal, léiriú agus tosach feidhme. |
50. —(1) Féadfar an tAcht Airgid, 1925 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Léireofar Cuid I. den Acht so i dteanta na nAchtanna Cánach Ioncuim, agus léireofar Cuid II. den Acht so, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe custum, i dteanta na nAchtanna Custum, agus sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe máil léireofar í i dteanta na Reachtanna Briotáineacha agus na nAchtanna den Oireachtas a bhaineann leis na diúitéthe máil agus le bainistí na ndiúitéthe sin. | |
[EN] | (3) Ach amháin mar a foráltar go soiléir ar shlí eile, tuigfar oiread den Acht so agus bhaineann le cáin ioncuim no le barracháin do theacht i bhfeidhm an 6adh lá d'Abrán, 1925, agus ragha sé in éifeacht an lá san agus ón lá san amach, agus tuigfar oiread den Acht so agus bhaineann le haon cháin eile no le haon diúité do theacht i bhfeidhm an 1adh lá d'Abrán, 1925, agus ragha sé in éifeacht an lá san agus ón lá san amach. |