22 1925


Uimhir 22 de 1925.


ACHT CHUN TALAMH DO THÓGAINT (COISTE RÉITIGH), 1925.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN AN COISTE RÉITIGH A BUNUÍODH LEIS AN ACQUISITION OF LAND (ASSESSMENT OF COMPENSATION) ACT, 1919, D'ATH-CHÓDHÉANAMH. [27adh Meitheamh, 1925.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS :—

Ath-chódhéanamh an Choiste Réitigh.

1. —(1) An Coiste Réitigh a bunuíodh le mír (c) d'fho-alt (5) d'alt 1 den Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, isiad a bheidh air, in ionad na ndaoine a luaidhtear sa mhír sin, ná Prímh-Bhreitheamh Shaorstáit Éireann, Uachtarán na hArd-Chúirte agus Cathaoirleach Fhundúireacht na Suirbhéirí (Brainse na hÉireann).

(2) Gach luadh no tagairt don Choiste Réitigh atá san Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919 (lasmuich d'fho-alt (5) d'alt 1 de) léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no mar thagairt don Choiste Réitigh a bunuítear leis an alt so.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht chun Talamh do Thógaint (Coiste Réitigh), 1925 , do ghairm den Acht so.