15 1925


Uimhir 15 de 1925.


ACHT NA bPINSEAN SEIRBHÍSE MÍLEATA, 1925.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN PINSIN A DEONADH NO ATÁ LE DEONA FÉ ACHT NA bPINSEAN SEIRBHÍSE MÍLEATA, 1924 , DO CHEILIÚRA. [6adh Meitheamh, 1925.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Míniú.

1. —San Acht so cialluíonn an focal “an Príomh-Acht” Acht na bPinsean Seirbhíse Mileata, 1924 (Uimh. 48 de 1924) .

Ceiliúra pinsin sheirbhíse mileata.

2. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, féadfidh an Ard-Chomhairle aon uair, le hordú, ceiliúra do dhéanamh, mar gheall ar réasúin adéarfar san ordú san, ar aon phinsean a deonadh fén bPríomh-Acht pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis sin a deonadh é.

(2) Ní ceiliúrfar aon phinsean den tsórt san de dheascaibh aon ghnímh a dineadh roimh rith an Achta so.

(3) Ní ceiliúrfar amhlaidh aon phinsean den tsórt san mara ndintar ná go dtí go ndéanfar na réasúin atá leis an gceiliúra san atá beartuithe do chur in úil i scríbhinn don duine atá ag fáil an phinsin agus caoi réasúnta do thabhairt don duine sin ar pé míniú, freagra no cás eile is ceart dar leis do dhéanamh chun na hArd-Chomhairle i dtaobh an cheiliúrtha san atá beartuithe no i dtaobh na réasún atá leis.

(4) Gach ordú a dhéanfidh an Ard-Chomhairle fén alt so foillseofar é san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta.

Gearr-theideal.

3. —Féadfar Acht na bPinsean Seirbhíse Mileata, 1925 , do ghairm den Acht so, agus féadfar Achtanna na bPinsean Seirbhíse Mileata, 1924 agus 1925, do ghairm den Acht so agus den Phríomh-Acht le chéile.