|
||||
|
ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA, 1925
[EN] | ||
[EN] |
DARA SCEIDEAL. RIALACHA CHUN NOS-IMEACHTA BORDANNA SLAINTE DO REGLEAIL. | |
1. Beidh bord sláinte có-dhéanta de dheichniúr a thoghfidh an chomhairle chontae as a mbaill féin ag an gcéad chruinniú cinn bliana den chomhairle a comórfar tar éis toghacháin chinn trí mblian agus cuid den chéad ghnó a déanfar ag an gcruinniú cinn bliana san isea na daoine sin do thogha. | ||
2. Toghfar baill an bhúird shláinte mar leanas:— | ||
(a) in aghaidh gach togh-líomatáiste chontae fé leith sa cheanntar shláinte chontae toghfar aon bhall amháin den bhórd shláinte as na comhairleoirí contae a toghadh don líomatáiste sin; | ||
(b) de sna baill eile (dá ngairmtear baill bhreise sa riail seo) féadfidh aon scata de chomhairleoirí contae ar a mbeidh an líon riachtanach de sna comhairleoirí sin comhairleoir d'ainmniú chun bheith ina bhall den bhord shláinte, agus ar a ainmniú amhlaidh beidh an ball san tofa gan aon vótáil; | ||
(c) toghfar an chuid eile de sna baill bhreise i ndiaidh a chéile le móráireamh de vótanna na gcomhairleoirí contae nách baill d'aon scata de chomhairleoirí contae den tsórt san roimhráite; | ||
(d) sí uimhir de chomhairleoirí is riachtanach chun scata dhéanamh chun crícheanna na rialach so ná an uimhir a gheobhfar tríd an uimhir iomlán de chomhairleoirí contae a bheidh i láthair ag an toghachán do roinnt ar an uimhir de bhaill bhreise a bheidh le togha no, marab uimhir shlán an uimhir a gheobhfar amhlaidh, an chéad uimhir shlán is mó ná an uimhir a gheobhfar amhlaidh; | ||
(e) ní fhéadfidh aon chomhairleoir contae bheith ina bhall de níos mó ná aon scata amháin. | ||
3. Beidh na baill de bhord shláinte i seilbh oifige go dtí an lá tar éis an lae ar a ceapfar a gcomharbaí fé Riail 1 den Sceideal so. | ||
4. Triúr ball is quorum do bhord shláinte. | ||
5. Aon bhall de bhord shláinte a scuirfidh de bheith, no a thiocfidh fé mhí-cháilíocht ná leigfadh do bheith, ina bhall den chomhairle chontae a cheap é, scuirfe sé, leis, de bheith, no beidh sé fé mhí-cháilíocht ná leigfidh do bheith, ina bhall den bhord shláinte. | ||
6. Féadfidh aon bhall de chomhairle chontae, le haontú ón gceathrú cuid ar a luíod de bhaill na comhairle sin, fógra do thabhairt i scríbhinn aon uair do rúnaí na comhairle go bhfuil sé chun a thairisgint go gcuirfar deire le ballraíocht aon bhaill áirithe den bhord shláinte do cheanntar shláinte chontae sa chontae sin, agus leis sin gairmfidh an rúnaí cruinniú speisialta den chomhairle chontae chun teacht le chéile ar dháta nách déanaí ná mí tar éis do an fógra san d'fháil, agus tabharfa sé do gach ball den chomhairle chontae fógra ceithre lá déag ar a luíod i dtaobh an chruinnithe sin, agus má rithtear rún ag an gcruinniú san ag aontú leis an dtairsigint sin le móráireamh ar a mbeidh dhá dtrian ar a luíod dá mbeidh i láthair de sna comhairleoirí, leis sin beidh deire le ballraíocht an bhaill sin den bhord shláinte. | ||
7. Aon bhall de bhord shláinte a bheidh, ar feadh tréimhse leanúnaí de thrí mhí, gan bheith ag cruinniú den bhord san, beidh deire le n-a bhallraíocht láithreach agus, ag an gcéad chruinniú eile bheidh acu tar éis deire na tréimhse sin, ceapfidh an chomhairle chontae duine dá mbaill chun an folúntas a dineadh amhlaidh i mballraíocht an bhúird shláinte do líona. | ||
8. Féadfidh ball de bhord shláinte aon uair eirghe as a bhallraíocht tré scríbhinn fé n-a láimh do sheachada do rúnaí na comhairle contae agus do rúnaí an bhúird shláinte, ach ní raghaidh an t-eirghe-as san in éifeacht go dtí an chéad chruinniú den chomhairle chontae a bheidh ann tar éis an scríbhinn sin do bheith fachta. | ||
9. Beidh aon chruinniú amháin cinn bliana ag gach bord sláinte gach bliain, agus beidh cruinniú acu chun a ngnó do dhéanamh uair sa mhí ar a luíod agus pé tráthanna eile is gá chun a gcomhachta d'fheidhmiú agus chun a ndualgaisí do chólíona sa cheart. | ||
10. Cruinniú cinn bliana an chéad chruinniú a bheidh ag bord sláinte tar éis a thofa, agus comórfar cruinniú cinn bliana gach bliain ina dhiaidh sin laistigh de mhí tar éis lá cinn bliana an toghacháin sin. | ||
11. Ag gach cruinniú cinn bliana de bhord shláinte toghfidh an bord cathaoirleach, agus féadfid leas-chathaoirleach do thogha, as a mbaill, agus beidh siad-san i seilbh oifige go dtí an chéad chruinniú cinn bliana eile den bhord. | ||
12. Ag gach cruinniú de bhord shláinte isé an cathaoirleach a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú má bhíonn sé i láthair. Má bhíonn an cathaoirleach as láthair isé an leaschathaoirleach a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú. Má bhíonn an cathaoirleach as láthair, agus fós, más rud é ná beidh leas-chathaoirleach tofa no go mbeidh an leas-chathaoirleach as láthair, isé bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú ná pé ball den bhord a thoghfidh na baill a bheidh i láthair an uair sin. | ||
13. Beidh an dara vóta no vóta réitigh ag an gcathaoirleach ag cruinniú de bhord shláinte. | ||
14. Déanfidh an chomhairle chontae foth-fholúntaisí a thiocfidh ar bhord shláinte do líona laistigh de mhí tar éis iad do theacht no laistigh de pé aimsir bhreise a lomhálfidh an tAire ach más ball den bhord shláinte, ball a toghadh do thogh-líomatáiste fé mhír (a) de Riail 2 de sna Rialacha so, fé ndeár an foth-fholúntas, líonfar an foth-fholúntas as comhairleoirí contae a toghadh sa togh-líomatáiste sin. | ||
15. Beidh stiúra gnótha agus ordú imeacht búird shláinte do réir rialachán a dhéanfidh an tAire o am go ham. | ||
16. Déanfar suas cuntaisí fáltaisí agus caiteachais gach búird shláinte agus coistí agus oifigeacha an bhúird sin go leathbhliantúil go dtí an 30adh lá de Mheán Fhomhair agus an 31adh lá de Mhárta gach bliain, i pé fuirm a ordóidh an tAire, agus déanfidh pé duine a cheapfidh an tAire chuige sin iad d'iniúcha. | ||
17. Tíolacfidh bord sláinte don chomhairle chontae chó luath agus is féidir é tar éis deire gach leath-bhliana cuntas achmair ar a fháltaisí agus ar a chaiteachas agus tuarasgabháil ar an obair a dhin an bord i rith na leath-bhliana. |