An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. ILGHNEITHEACH AGUS GENERALTA.) Ar Aghaidh (DARA SCEIDEAL. RIALACHA CHUN NOS-IMEACHTA BORDANNA SLAINTE DO REGLEAIL.)

5 1925

ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA, 1925

CEAD SCEIDEAL.

RIALACHA CHUN AN LIOMATAISTE MUIRIR DO SHOCRU I gCOIR FIACHAISI COMHAIRLE TUATH-CHEANNTAIR.

1. Fiachaisí fé n-ar chuaidh an chomhairle thuathcheanntair mar údarás sláintíochta don tuathcheanntar muirearófar iad mar leanas:—

(a) fiachaisí a bheadh ina gcostaisí generálta ar an gcomhairle thuathcheanntair mara mbeadh gur ritheadh an tAcht so is ar líomatáiste an tuathcheanntair a muirearófar iad;

(b) fiachaisí a bheadh ina gcostaisí speisialta ar an gcomhairle thuathcheanntair agus ina muirear ar líomatáiste áirithe, mara mbeadh gur ritheadh an tAcht so, is ar an líomatáiste áirithe sin a muirearófar iad.

2. Aon fhiachaisí ar chomhairle thuathcheanntair seachas iad súd go ndintar socrú ina gcóir i Riail 1 is ar líomatáiste an tuathcheanntair a muirearófar iad.