|
||||
|
Ar Aghaidh (CUID I. DEIRE LE COMHAIRLI TUATHCHEANNTAIR.) |
[EN] | ||
Uimhir 5 de 1925. | ||
[EN] |
ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA, 1925. | |
ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR AN DLÍ A BHAINEAS LE RIALTAS ÁITIÚIL AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE A BHAINEAS LEIS SIN. [26adh Márta, 1925.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
ROIMH-RA. | ||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht so, mara n-éilíonn an có-théacs rud éigin eile— |
[EN] | cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí; | |
[EN] | cialluíonn an focal “orduithe” orduithe ag an Aire; | |
[EN] | ní fholuíonn an focal “contae” contae-bhuirg; | |
[EN] | cialluíonn an focal “bóthar” aon bhóthar puiblí agus foluíonn sé aon droichead, píopa, áirse, líntéir, casán, pábháil, claidhe, ráil no falla (má sí an Chomhairle Chontae no an tArd-Choiste a thóg an claidhe, an ráil no an falla san no más ar cheachtar acu a bhí é choinneáil suas) atá ina chuid den bhóthar san; | |
[EN] | cialluíonn an focal “bóthar mór” aon bhóthar go bhfaisnéisfidh an tAire, le n-a ordú, gur bóthar mór é; | |
[EN] | cialluíonn an focal “bóthar baile” aon bhóthar i mbailecheanntar ach bóthar mór; | |
[EN] | cialluíonn an focal “bóthar contae” aon bhóthar i gcontae ach bóithre móra agus bóithre baile; | |
[EN] | cialluíonn an focal “scéim chontae” an ní a chialluíonn sé san Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 9 de 1923) ; | |
[EN] | cialluíonn agus foluíonn an focal “scéim shaothair dhírigh” aon fhaisnéis d'ullamhuigh comhairle chontae fé fhorálacha Airtiogal 25a den Procedure of Councils Order, 1899, ag luadh na mbóthar i dtuathcheanntar a bhí le coinneáil suas le saothar díreach, agus an scéim a cumadh chun an fhaisnéis sin do chur in éifeacht; | |
[EN] | foluíonn an focal “údarás áitiúil”— | |
[EN] | (i) comhairle chontae, comhairle chontae-bhuirge no bhuirge eile, comhairle bhailecheanntair, comhairle thuathcheanntair, bord caomhnóirí, no coimisinéirí aon bhaile, | |
[EN] | (ii) aon chólucht puiblí a bunuíodh le haon reacht, no dá réir, chun aon cheann d'fheidhmeanna aon chóluchta dá n-ainmnítear thuas do chó-líona, | |
[EN] | (iii) aon choiste no có-choiste d'aon cheann, no ceaptha ag aon cheann, de sna húdaráis sin; | |
[EN] | foluíonn an focal “bord sláinte” bord sláinte puiblí agus bord sláinte agus congnaimh phuiblí; | |
[EN] | foluíonn an focal “comhachta” cirt, údaráis, feadhmanaisí, príbhléidí, agus saoirsí; | |
[EN] | foluíonn an focal “dualgaisí” freagarthachtaí agus oblagáidí; | |
[EN] | foluíonn an focal “comhachta agus dualgaisí” gach comhacht agus dualgas a bronntar no a forchuirtar le haon Acht Áitiúil no a eiríonn fé; | |
[EN] | cialluíonn an focal “an lá ceaptha” an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1925; | |
[EN] | nuair a húsáidtear an focal “coinneáil suas” i dtaobh aon bhóthair, foluíonn sé leathnú no feabhasú réasúnta eile ar an mbóthar san, agus is dá réir sin a léireofar focail atá gaolmhar don bhfocal san. | |
[EN] |
Baint le Contae agus le Cathair Bhaile Atha Cliath. |
2. —Ní bhainfidh na codacha so a leanas den Acht so le Contae ná le Cathair Bhaile Atha Cliath, sé sin le rá, Cuid I go hiomlán, ailt 9 go 16, agus alt 21 i gCuid II, ailt 24, 26, 27 agus 30 i gCuid III, agus ailt 57, 63, 74, 81 agus 82 i gCuid V. |