An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV.—CLARU ÁITIÚIL AR THEIDIL.) Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL. RIAIL-BHLIANACHT CHEANNAIGH.)

42 1923

ACHT TALMHAN, 1923

CUID V.—GENERALTA.

Cosc le cíosanna cúirte do cheapa.

64. —Tar éis rithte an Achta so ní cuirfar ar an liost chun é d'éisteacht ná ní cuirfar ar fíl aon iarratas ná connra chun cíos cúirte do cheapa fé sna hAchtanna Dlí Thalmhan (Éirinn) i gcóir aon ghabháltais.

Cosc le fo-roinnt agus le cur ar cíos.

65. —(1) Sa chás ina ndéanfidh Coimisiún na Talmhan roimhíoc, tar éis dáta rithte an Achta so, chun gabháltas no paiste talmhan do cheannach, ní dhéanfidh únaer an ghabháltais no an phaiste talmhan san an céanna d'fho-roinnt ná do chur ar cíos gan cead o Choimisiún na Talmhan agus gach fo-roinnt no cur ar cíos 'na dtabharfar fé contrárdha don bhforáil seo beidh sé gan brí in aghaidh cách agus ar dhéanamh a leithéide dílseoidh an gabháltas no an paiste talmhan i gCoimisiún na Talmhan más maith leo féin é.

(2) I gcás aon ghabháltais atá fé aon mhuirir mar gheall ar bhlianacht i bhfabhar do Bhórd na nOibreacha, blianacht a cruthnuíodh do réir Acht na dTiarnaí agus na dTionóntaí, 1870, déanfar ath-ghairm ar oiread den 44adh alt agus den 45adh alt den Acht san agus choisceann aistriú, sana, fo-roinnt no fo-chur ar cíos do dhéanamh, gan cead ón mBórd, ar ghabháltas fé mhuirear den tsórt a luaidhtear sna hailt sin, agus adeir, má sáruítear an cosc san, go gcáinficfar na gabháltaisí chun an Bhúird, agus déanfar ath-ghairm, leis, ar oiread d'alt 2 d'Acht na dTiarnaí agus na d'Tionóntaí (Éirinn), 1872, agus bhaineann le gabháltaisí do dhíol in ionad iad do cháinfice, agus na coisceanna le fo-roinnt agus le cur ar cíos atá i bhfo-alt (1) den alt so bainfid le gach gabháltas den tsórt san fé mar a bheidís sna hAchtanna san de 1870 agus de 1872, ach san ar feadh na haimsire sin amháin 'na mbeidh gan íoc aon chuid den bhlianacht atá de mhuirear ar an ngabháltas san.

(3) Sa chás ina ndéanfidh an t-únaer a gabháltas d'fho-roinnt ar feadh tréimhse teoranta mar oiriúnaíocht dá theaghlach no ar aon chúis eile den tsórt san, féadfidh Coimisiún na Talmhan o am go ham, le rialacháin ghenerálta, údarás do thabhairt don údarás clárathachta clárú do dhéanamh ar an té a dhéanfidh éileamh fé aon instruim a dhin an t-únaer agus le n-ar cruthnuíodh an fho-roinnt shealadach san agus tuigfar iad do bheith ag aontú le haon fho-roinnt a cuireadh in éifeacht tré n-a clárú do réir na rialachán san.

Gabháltaisí do chur le chéile.

66. —(1) Féadfidh Coimisiún na Talmhan le cead o únaer cláruithe dhá ghabháltas no níos mó, atá fé bhlianachtaí ceannaigh, na gabháltaisí agus na blianachtaí do chur le chéile do réir rialachán a dhéanfidh an tAire Airgid.

(2) In aon chás ina dtuigtar, do réir fo-alt (3) d'alt 67 den Acht Talmhan Éireannach, 1903, gurb aon ghabháltas amháin gabháltas atá fé bhlianacht cheannaigh agus roinnt tailimh atá fé mhuirear chuid de bhlianacht cheannaigh eile, tuigfar gurb aon bhlianacht cheannaigh amháin an bhlianacht cheannaigh agus an chuid de bhlianacht cheannaigh eile agus cuirfar le chéile íad do réir rialachán a dhéanfidh an tAire Airgid.

Comhacht chun ionadaí ceannathóra d'ainmniú.

67. —Sa chás gur dhin tionónta gabháltais no go dtuigfar gur dhin sé connra ceannaigh agus, de dheascaibh tionónta d'fháil bháis no do bheith ar iarraidh no ar aon chúis eile, gur deacair a fháil amach cé ann go bhfuil tionóntacht an ghabháltais dílsithe, féadfidh Coimisiún na Talmhan duine d'ainmniú chun bheith in’ ionadaí don tionónta chun crícheanna an díola, agus féadfid an gabháltas do dhílsiú ann dá réir sin, ach an cál a dílseofar amhlaidh beidh sé ina ghreamú ar chál an tionónta agus an ionadaí in ar dílsíodh an gabháltas, agus beidh sé fé réir aon chearta no cothroma a thiocfidh as é do bheith ina ghreamú amhlaidh.

Daoine fé mhíchumas.

68. —Gach éinne go dtuigfar, chun crícheanna an Achta so, connra ceannaigh do bheith déanta aige, tuigfar go raibh ar a chumas an connra san do dhéanamh in ainneoin é do bheith fé bhun aoise infheadhma no ina gheilt, no fé aon mhí-chumas eile fé n-a raibh sé.

Roimh-íocanna le hiontaobhaithe i gcóir curadóireachta.

69. —(1) Leathanófar forálacha altanna 4 agus 20 den Acht Talmhan Éireannach, 1903, agus forálacha alt 18 den Acht Talmhan Éireannach, 1909, i dtreo go mbeidh curadóireacht ar ní de sna nithe 'na bhféadfar roimh-íocanna do dhéanamh ina gcóir fé sna hailt sin agus beidh sé dleathach don Aire um Thalmhaíocht scéimeanna do leasú agus do chur le chéile chun an churadóireacht do chur ar áireamh na nithe sin.

(2) Beidh gan éifeacht pé méid d'alt 20 den Acht Talmhan Éireannach, 1903, le n-a n-éilítear forálacha i dtaobh athchomharcanna chun an Lord Lieutenant do chur in aon scéim den tsórt san agus pé méid d'aon scéim le n-a ndintar forálacha i dtaobh athchomharcanna den tsórt san, agus na comhachta eile adeirtar sna hailt sin a bheith infheidhmithe ag an Lord Lieutenant agus ag Roinn na Talmhaíochta isé an tAire um Thalmhaíocht a fheidhmeoidh iad i gcás gach scéime atá ann cheana cho maith le cás roimh-íocanna agus scéimeanna a thiocfidh.

(3) Einne ar a ngoillfidh aon ghníomh no faillí a dhin aon iontaobhaithe agus scéim chun úsáide tailimh acu á chur in éifeacht, scéim a cumadh no a ceaduíodh fé alt 20 den Acht Talmhan Éireannach, 1903, féadfa sé imeachta do bhunú sa Chúirt Chontae, le bille síbhialta cothruim, chun iontaobhaisí na scéime do chur i bhfeidhm, agus leathfidh údarás na Cúirte Contae chun na n-imeachta san in ainneoin luach bliantúil an tailimh fé sna hiontaobhaisí do bheith os cionn deich fichead púnt.

(4) Beidh sé dleathach do Chomhairle Chontae-Bhuirge no do Chomhairle Bhaile-Cheanntair no do Choimisinéirí Baile aon phaiste talmhan do cheannach fé alt 4 den Acht Talmhan Éireannach, 1903, chun aon chríche dá luaidhtear san alt san fé mar a leathnuíodh le fo-alt (1) den alt so é, ach amháin chun crícheanna Achtanna na nOibrithe (Éirinn), 1883 go 1896, agus féadfidh aon Chomhairle no Coimisinéirí Baile den tsórt san gníomhú mar iontaobhaithe chun na gcrícheanna san agus féadfid roimh-íocanna d'fháil chun an ceannach do dhéanamh, agus bainfidh forálacha alt 18 den Acht Talmhan Éireannach, 1909, le haon cheannach den tsórt san fé mar a bheadh Comhairlí Contae-Bhuirge, Comhairlí Baile-Cheanntair agus Coimisinéirí Baile luaidhte san alt san.

Na suimeanna theastóidh chun íoctha na dtráth-choda den bhlianacht cheannaigh a bheidh ar thailte a cheannóidh Comhairle Chontae-Bhuirge no Comhairle Bhaile-Cheanntair fén alt so, is amach as ráta na mbocht a híocfar iad, agus amach as ráta an bhaile i gcás tailte a cheannóidh Coimisinéirí Baile fén alt so.

An lá ceaptha.

70. —Chun crícheanna an Achta so isé an lá ceaptha ná pé lá no laethanta a cheapfidh Coimisiún na Talmhan agus féadfar laethanta difriúla do cheapa i gcóir forálacha difriúla agus crícheanna difriúla an Achta so agus i gcóir gabháltaisí difriúla no grúpaí difriúla de ghabháltaisí agus paistí difriúla de thalamh nea-thionóntuithe no grúpaí difriúla de phaistí talmhan nea-thionóntuithe.

Caillfidh forálacha áirithe de sheanachtacháin a n-éifeacht.

71. —(1) Tar éis rithte an Achta so, imeoidh an éifeacht as fo-alt (3) d'alt 72 den Acht Talmhan Éireannach, 1903, agus as fo-alt (1) d'alt 29 agus as fo-alt (3) d'alt 30 den Acht Talmhan Éireannach, 1909, maidir le feabhsuithe a bheidh déanta ag Bord na gCeanntar gCumhang no Coimisiún na Talmhan.

(2) Cho fada is théigheann talamh a cheannaigh Coimisiún na Talmhan no Bord na gCeanntar gCumhang fé aon Acht roimh an Acht so, caillfidh forálacha fo-ailt (3) d'alt 36 agus fo-ailt (2) d'alt 72 den Acht Talmhan Éireannach, 1903, caillfid a n-éifeacht, tar éis rithte an Achta so, sa mhéid go mbainid le híocaíocta ar cuntas ciste fiach-luíoduithe tar éis cúig bliana bheith caithte o am talamh do dhílsiú i gCoimisiún na Talmhan no o am Bord na gCeanntar gCumhang do cheannach talmhan.

Comhachta do Bhord na nOibreacha chun blianachtaí do roinnt.

72. —Na comhachta a bronnadh ar Choimisiún na Talmhan le fo-alt (3) d'alt 38 den Acht Dlí Thalmhan (Éirinn), 1896, mar a leathnuíodh é le fo-alt (1) d'alt 67 den Acht Talmhan Éireannach, 1903, comhachta chun blianacht do roinnt no fiachas blianachta do bhaint de chuid de ghabháltas, féadfidh Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí iad d'fheidhmiú i dtaobh blianachta a cuireadh ina muirear ar ghabháltas in aisíoc roimhíoca a dhin na Coimisinéirí sin chun an gabháltas san do cheannach do réir Acht na dTiarnaí agus na dTionóntaí (Éirinn), 1870.

Mínithe.

73. —(1) San Acht so, mara n-éilíonn an có-théacs a mhalairt, isé rud a chialluíonn “connartha ceannaigh déanacha” ná connartha a dhin Coimisiún na Talmhan no a dineadh leo no a tuigtar a dhineadar no a tuigtar a dineadh leo ar dháta rithte an Achta so no dá éis sin:

Ach áireofar gur connartha ceannaigh a dineadh roimh dháta rithte an Achta so agus nách connartha ceannaigh déanacha aon chonnartha ceannaigh a déanfar aon uair tar éis do Choimisiún na Talmhan aith-dhíol do dhéanamh ar thalamh a cheannuigh Coimisiún Talmhan na hÉireann no Bord na gCeanntar gCumhang in Éirinn no d'aontuíodar a cheannach, roimh dháta rithte an Achta so.

(2) Isé rud a chialluíonn an focal “talamh tionóntuithe” ná talamh ar seilbh fé chonnra tionóntachta nách deontas feirmdhílse, ná léas síor-ionathnuachainte ar feadh saolta no blianta, ná léas ar feadh téarma de bhlianta 'na bhfuil trí fichid no níos mó dhíobh gan caitheamh ar dháta rithte an Achta so, ná cur ar cíos chun innir, chun féaraíochta, no chun curadóireachta go ceann tamaill, no chun áise sealadaí, no i gcóir riachtanais shealadaigh, agus is dá réir sin a léireofar an focal “talamh nea-thionóntuithe”:

Ach sa chás gur dhin talamh tionóntuithe, mar a mínítear thuas é, de thalamh de bharr connra tionóntachta nárb athnuachaint ar sheana-thionóntacht agus a dineadh ar an gcéad lá de Mheán Fhomhair naoi gcéad déag a dó fichead, no dá éis sin, ansan—

(a) más i gcontae ceanntracha cumhanga don ghabháltas, tuigfar an tionóntacht do bheith gan brí i gcoinnibh Coimisiún na Talmhan má fhaisníonn Coimisiún na Talmhan amhlaidh roimh an lá ceaptha agus dílseoidh an gabháltas i gCoimisiún na Talmhan mar thalamh nea-thionóntuithe agus beidh iníoctha leis an tionónta pé cúiteamh a fhaisneoidh an Coimisinéir Breithiúntais a bheith ag dul do mar gheall ar aon tsuimeanna a chaith sé le feabhsuithe. Le Bannaí Talmhan 4½ per cent. a híocfar an cúiteamh san; agus

(b) más in aon áit eile don ghabháltas is mar thalamh tionóntuithe a háireofar an talamh chun críche na bhforálacha san den Acht so le n-a ndílsítear talamh tionóntuithe i gCoimisiún na Talmhan, ach amháin i gcúrsaí a phraghais, ach ní díolfar é fén Acht so leis an tionónta mara ndeimhneoidh Coimisiún na Talmhan gur chuaidh cruthnú na tionóntachta chun leasa don tír. Má dheimhníonn Coimisiún na Talmhan amhlaidh déanfar amach an praghas fé mar a bheadh an talamh ina thalamh thionóntuithe, ach mara ndeimhneoidh Coimisiún na Talmhan amhlaidh déanfar amach an praghas fé mar a bheadh an talamh ina thalamh nea-thionóntuithe.

(3) Ciallóidh an focal “na hAchtanna Talamh-Cheannaigh” an ní a chialluíonn sé san Acht Talmhan Éireannach, 1909, ach amháin go bhfolóidh sé, in aon áit ina lomhálann an cóthéacs é, aon Acht a ritheadh in a dhiaidh sin agus atá i bhfeidhm anois agus 'nar ceart, do réir a théarmaí, é do léiriú mar éinní amháin leis na hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus leis an Acht so, agus ciallóidh an focal “na hAchtanna Dlí Thalmhan” agus “Achtanna Bhórd na gCeanntar gCumhang (Éirinn)” an ní a chialluíonn sé san Acht Talmhan Éireannach, 1909.

(4) Isé rud a chialluíonn an focal “cumhangracht do leigheas” ná talamh do sholáthar chun furtacht do thabhairt do dhuine no do dhaoine go bhfuil gabháltas no gabháltaisí acu ná tugann slí bheatha dhóibh no do dhuine no do dhaoine gur tógadh a ghabháltas no a ngabháltaisí chun furtacht do thabhairt do dhaoine go bhfuil gabháltaisí acu ná tugann slí bheatha dhóibh.

Comhacht don Ard-Chomhairle chun achtacháin d'oiriúnú.

74. —Chun an tAcht so do chur in éifeacht féadfidh an Ard-Chomhairle, le h-Ordú, pé oiriúnuithe is dó leo is riachtanach no is ceart do dhéanamh ar aon achtachán, i dtaobh Ceannach Talmhan in Éirinn, a ritheadh sarar ritheadh an tAcht so, maraon le hoiriúnuithe ar achtacháin a bhaineann le díolacháin éstáití fé mar is gá chun an céanna do chur i mbaint le díolacháin gabháltaisí no paistí de thalamh nea-thionóntuithe.

Deire do chur le deacrachtaí.

75. —Má bhaineann aon deacracht le n-a dhéanamh amach cadé an talamh a dílsítear i gCoimisiún na Talmhan de bhua an Achta so, no le héinní eile chun an tAcht so do chur in éifeacht, féadfidh an Ard-Chomhairle, le hOrdú, údarás do thabhairt do Choimisiún na Talmhan chun gach ní do dhéanamh is dó leo is gá no is oiriúnach a dhéanamh chun an tAcht so do chur in éifeacht, agus beidh éifeacht ag aon Ordú den tsórt san fé mar a hachtófaí san Acht so é.

Comhacht chun rialacha do dhéanamh.

76. —Féadfidh Coimisiún na Talmhan, tar éis comhairle do ghlaca le hUachtarán Dlí-Chumann Ionchorpruithe na hÉireann, rialacha do dhéanamh chun forálacha an Achta so do chur in éifeacht, agus mara n-éilíonn an có-théacs a mhalairt, isé rud a chialluíonn an téarma “orduithe” san Acht so ná orduithe le rialacha a déanfar fén alt so:

Ar choinníoll i gcomhnaí go leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas, sa mhéid go mbainid le leigheas cumhangrachta, aon Rialacha Cúirte a déanfar chun forálacha an Achta so do chur in éifeacht, agus má dhineann aon Tigh díobh, laistigh de lá is fiche tar éis na Rialacha Cúirte sin do leaga ar an mbord, rún do rith chun na Rialacha Cúirte sin do chur ar nea-mbrí, beidh na Rialacha Cúirte sin ar nea-mbrí, ach ní dhéanfidh an nea-mbríochaint sin díth dleathachta ná dochar d'aon rud ná éinní a dineadh roimhe sin fé sna Rialacha Cúirte sin.

Airgead do sholáthar chun an tAcht so do chur in éifeacht.

77. —Gach airgead a theastóidh o Choimisiún na Talmhan chun a gcomhachta d'fheidhmiú fén Acht so no ar aon tslí eile chun an tAcht so do chur in éifeacht, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas isea a híocfar é, oiread agus cheadóidh an tAire Airgid (ach amháin sa mhéid go bhforáltar go speisialta leis an Acht so a leithéid d'airgead do sholáthar ar a mhalairt de shlí).

Ath-ghairmeanna.

78. —Na hAchtanna a luaidhtear sa dara sceideal don Acht so ath-ghairmtear leis seo iad sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den sceideal san.

Gearr-Theideal agus Léiriú.

79. —Féadfar an tAcht Talmhan, 1923 , do ghairm den Acht so, agus léireofar é mar éinní amháin leis na hAchtanna Dlí Thalmhan, na hAchtanna Talamh-Cheannaigh, agus Achtanna Bhord na gCeanntar gCumhang (Éirinn), agus féadfar é do luadh i dteannta na nAcht san.