An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT TALMHAN, 1923) Ar Aghaidh (CUID II.—CEANNACH TALMHAN.)

42 1923

ACHT TALMHAN, 1923

CUID I.—AIRGEADAS.

Comhacht chun Bannaí Talmhan 4½ per cent. do bhunú.

1. —(1) Chun soláthar do dhéanamh chun íoctha na suimeanna a bheidh le n'íoc i mBannaí fén Acht so beidh comhacht ag an Aire Airgid, nuair is gá é agus fé mar is gá chun na críche sin, Bannaí dá ngairmfear Bannaí Talmhan 4½ per cent. do bhunú agus do thabhairt amach, de pé tomhasanna (nách lú in aon chás ná púnt) a cheapfidh an tAire.

(2) Tabharfidh na Bannaí ús do réir ceathair go leith per cent. per annum dá n-ainm-luach, ús a bheidh iníoctha ina chó-choda leath-bhliantúla ar pé uaire i ngach bliain a ceapfar leis na Rialacháin fé n-a dtabharfar amach iad.

(3) Beidh na Bannaí ionfhuascailte ar par maraon le híoc gach riaráiste úis, agus déanfidh an tAire Airgid socruithe i gcóir a bhfuascailte le tarraicí féiltiúla, agus féadfa sé rialacháin do dhéanamh i gcóir tarrac na mBannaí sin. Socrófar leis na rialacháin sin i dtaobh fuascailt do dhéanamh láithreach ar Bhannaí a haistreófar le hordú an Choimisineura Bhreithiúntais in íoc Diúitéthe Báis no i bhfuascailt blianachtaí talamhcheannaigh a bheidh ina muirear ar thailte a thiocfidh i seilbh Coimisiún na Talmhan fén Acht so:

Ach, aon uair tar éis deich mbliana fichead a bheith caithte o tugadh amach iad, féadfar, marar fuascladh cheana iad, aon Bhannaí d'fhuascailt ar par pé uair agus le tarraicí no ar pé slí eile a ordóidh an tAire Airgid.

(4) As Ciste na mBannaí Talmhan a bunófar fén Acht so isea a híocfar an t-ús ar na Bannaí Talmhan agus na suimeanna theastóidh chun Bannaí Talmhan d'fhuascailt do réir na bhforálacha san roimhe seo, agus marar leor an céanna beidh a muirear agus a n-íoc ar Phrímh-Chiste Shaorstáit Éireann no ar a thora fáis mar chéad-mhuirear air i ndiaidh aon mhuirearacha a bunuíodh roimh rith an Achta so. Aon tsuimeanna a híocfar mar sin as an bPrímh-Chiste áireofar iad mar roimh-íoc sealadach le ciste na mBannaí Talmhan, agus déanfar suas iad as an gCiste Urraíochta.

(5) Chun fuascailte na mBannaí cuirfar i leataoibh i gCiste na mBannai Talmhan i ndeire gach leath-bhliana méid an úis agus na n-íocaíocht is iníoctha i gcóir an Chiste Fiach-Luíoduithe, ag Coimisiún na Talmhan, do réir na bhforálacha anso ina dhiaidh seo, maraon le haon tsuimeanna a íocfidh ceannathóirí tionóntacha i bhfuascailt blianachtaí ceannaigh is iníoctha fén Acht so, agus fós aon tsuimeanna a íocfidh ceannathóir in airgead nuair a dhíolfidh Coimisiún na Talmhan leis aon talamh a dílseofar ionta fén Acht so, ach na méideanna so a leanas do bhaint asta:—

(a) méid an úis a bheidh ar na Bannaí a tugadh amach amhlaidh, agus a bheidh de thurus na huaire gan íoc;

(b) an méid a theastóidh, má theastuíonn sé, chun lán-íoctha aon Bhannaí a haistríodh fén Acht so, le hordú an Choimisineura Bhreithiúntais, in íoc diúitéthe báis no i bhfuascailt blianachtaí talamh-cheannaigh.

Le Bannaí Talmhan 4½ per cent. a déanfar roimhíocanna.

2. —(1) D'ainneoin éinní in aon achtachán eile isé cuma ina n-íocfar an t-airgead ceannaigh a íocfidh Coimisiún na Talmhan le díoltóirí do réir connartha ceannaigh déanacha mar a mínítear ina dhiaidh seo anso iad ná tré thabhairt-amach Bannaí Talmhan 4½ per cent. gurb ionann a n-ainm-luach agus an tAirgead Ceannaigh agus a bheidh ag iompar úis o dháta an talamh ceannuithe do dhílsiú i gCoimisiún na Talmhan.

(2) Déanfidh an díoltóir, i gcúrsaí idir an díoltóir agus Coimisiún na Talmhan, Bannaí Talmhan a tabharfar amach do réir an ailt seo do ghlaca mar chó-ionannas a gcothruim den airgead ceannaigh, agus éinne 'na mbeidh comhacht aige chun díol fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, bíodh nách únaer amuich is amach é, féadfa sé connra ceannaigh déanach do dhéanamh bíodh gur i mBannaí, do réir an ailt seo, a bheidh an t-airgead ceannaigh le n-íoc agus nách in airgead.

I mBannaí Talmhan 4½ per cent. a híocfar leasanna uachtaracha agus muirir eile.

3. —Déanfar praghas fuascailte gach leasa uachtaraigh, leasa eadarghabhálaigh, ualaigh agus éilimh eile i gcoinnibh airgid ceannaigh a híocfar le Bannaí Talmhan 4½ per cent., no is iníoctha as na leasanna, na hualaigh agus na héilithe sin, maraon le riaráiste uile agus ús uile na leasanna, na n-ualach agus na n-éilithe sin agus costaisí díola an díoltóra agus costaisí teideal a dhéanamh chun na leasanna, na n-ualach agus na n-éilithe sin, sa mhéid go mbeidh an céanna iníoctha as an airgead ceannaigh, déanfar iad d'íoc agus do ghlana tré aistriú do dhéanamh, chun an té 'na mbeidh teideal aige chucha agus as na Bannaí Talmhan a bheidh ag seasamh don airgead ceannaigh, ar Bhannaí Talmhan is ionann ainm-luach leo, agus tuigfar an íocaíocht san do bheith ina shásamh sa mhéid a bheidh ainm-luach na mBannaí Talmhan a haistríodh amhlaidh.

Ag socrú praghas fuascailte leasanna uachtaracha dho, tabharfidh an Coimisinéir Breithiúntais aire don phraghas a fuair an díoltóir ar na tailte as a ngluaiseann na leasanna uachtaracha san.

Cosc ar ús pionósach ar mhorgáistí an fhaid a bheidh an díol gan críochnú.

4. —I gcás an úirlis le n-ar bunuíodh aon mhorgáiste, muirear, no ualach, 'na bhfuil a íoc nó a mhuirear ar airgead ceannaigh tailte a tógadh fén Acht, do bheith á fhoráil go nglacfar ús ar ráta luíoduithe má íoctar go tapaidh, go dtí go gcríochnófar an díol ní bheidh aon ús is aoirde ná san dlite ná ionbhainte amach mar gheall ar riaráiste úis ná mar gheall ar aon fhaillí ná moill ar ús d'íoc ar an morgáiste, an muirear no an ualach san.

Ciste Costaisí.

5. —(1) Chun cúiteamh do dhéanamh le díoltóirí, i bpáirt no go hiomlán, i gcostaisí an díola maraon le costaisí únaerí leasanna uachtaracha agus leasanna eadarghabhálacha, ualathóirí agus lucht éilithe eile i gcoinnibh an airgid cheannaigh a roimhíocfar fén Acht so, bunófar Ciste Costaisí a raghaidh suas go dtí 2 per cent. den airgead ceannaigh go léir a roimh-íocfar fén Acht so.

Soláthróidh an tAire Airgid an Ciste sin tré Bhannaí Talmhan 4½ per cent. do thabhairt amach nuair is gá é agus fé mar is gá, agus déanfar o am go ham an t-ús ar na Bannaí do shúncáil i mBannaí Talmhan 4½ per cent. agus do chur leis an gCiste Costaisí.

(2) Beidh iníoctha leis an díoltóir, as an gCiste Costaisí, pé suim i mBannaí Talmhan 4½ per cent. a dheimhneóidh an Coimisinéir Breithiúntais a bheith réasúnta tar éis an méid oibre a dineadh i dtaobh an díola agus an chuma in ar dineadh é do chur san áireamh:

Ach go dtí go mbeidh dílsiú déanta ar gach talamh le díoltóir a bhí le tógaint no le dílsiú ar an lá ceaptha fén Acht so, ní déanfar aon íocaíocht fén alt so ach le hordú an Choimisineura Bhreithiúntais agus sa mhéid a ordóidh sé sin.

Deire leis an bpercentáiste.

6. —Ní bhainfidh forálacha Ailt 48 den Acht Talmhan Éireannach, 1903, le cás aon tailimh, fé thionónta no gan tionónta, a cheannóidh Coimisiún na Talmhan no a dílseofar ionta fén Acht so no dá bhua.

Féadfidh an Stát airgead a híocadh tré earráid d'fháil thar n-ais.

7. —Aon airgead, bannaí, stoc no urrúsanna d'íoc Coimisiún na Talmhan leis an duine éagcórtha no a roinneadar air tré earráid dlí no dul amú i dtaobh na firinne, féadfidh Coimisiún na Talmhan é d'fháil thar n-ais fé is dá mba fiacha a bheadh ag dul don Stát é.

Ioc i mBannaí.

8. —Chun íoc i mBannaí Talmhan 4½ per cent. do réir forálacha an Achta so, áireofar i ngach cás méid an airgid cheannaigh agus méid gach íocaíochta a bheidh le déanamh as an airgead san, áireofar iad go dtí an púnt is goire dhóibh.

Aisíoc roimhíocanna.

9. —(1) Fé réir forálacha an Achta so, déanfar gach roimh-íoc a déanfar do réir connra cheannaigh dhéanaigh, déanfar é d'aisíoc, ar an gcuma agus na tráthanna a ordóidh an tAire Airgid, le blianacht cheannaigh a háireofar do réir 4¾ per cent. dá mhéid.

(2) Íocfar an bhlianacht cheannaigh go dtí go mbeidh déanta amach ar an gcuma a ordóidh an tAire Airgid go bhfuil aisíoc déanta in iomlán an roimh-íoca 'na raibh sé iníoctha mar gheall air.

(3) Ní bhainfidh forálacha an Ordú um an Rialtas Sealadach (Aistriú Feidhmeanna), 1922, le blianachtaí ceannaigh is iníoctha mar gheall ar roimh-íocanna a dineadh fén Acht so.

(4) An té 'na mbeidh air blianacht cheannaigh d'íoc, féadfa sé an bhlianacht san, no aon chuid de a bheidh gan íoc aon uair, d'fhuascailt i bpáirt no go hiomlán tré íoc do dhéanamh in airgead le Coimisiún na Talmhan i pé méid a déanfar amach do réir Rialacha a dhéanfidh an tAire Airgid.

Bunú Ciste Bannaí Talmhan.

10. —(1) Bunófar fé chúram an Aire Airgid Ciste Bannaí Talmhan as a n-íocfar ús gach Banna a tabharfar amach fén Acht so, agus ina theanta san na suimeanna is gá chun Bannaí d'fhuascailt fén Acht so.

(2) Cimeádfidh an tAire Airgid cuntaisí ar fháltas agus ar chaiteachas Ciste na mBannaí Talmhan maidir le caipital agus ioncum agus iniúchfidh an tArd-Scrúdóir na cuntaisí sin agus nuair a bheid iniúchta leagfar fé bhráid an Oireachtais iad.

(3) Chun crícheanna an Achta so cimeádfidh Coimisiún na Talmhan pé cuntaisí agus pé mion-innste agus iontrála ionta a ordóidh an tAire Airgid agus soláthróid na cuntaisí sin don Aire Airgid fé mar a bheid agus nuair a bheid ag teastáil uaidh. agus iniúchfar na cuntaisí sin ar pé slí a ordóidh an tAire Airgid.

(4) Féadfidh an tAire Airgid aon fharasbár a bheidh i gcreidiúint do chuntas caipitail no ioncuim Chiste na mBannaí Talmhan do shúncáil go sealadach ar pé slí is oiriúnach leis.

Iocaíochtanna a dhéanfidh Coimisiún na Talmhan.

11. —(1) Iocfidh Coimisiún na Talmhan le Ciste na mBannai Talmhan ús do réir ceathair go leith per cent. per annum ar ainm-luach gach Banna a thabharfidh an tAire Airgid amach do Choimisiún na Talmhan fén Acht so agus ná deimhneóidh an tAire Airgid a bheith aisíoctha.

(2) I gcás tailimh a dílseofar ionta fén Acht so, íocfidh Coimisiún na Talmhan le Ciste na mBannaí Talmhan, i gcóir an Chiste Fiach-Luíoduithe, go dtí go scuirfidh na blianachtaí ceannaigh a bheidh ina muirear ar an talamh de bheith iníoctha, íocfid do réir cúig scillinge per cent. per annum—

(a) de riail-phraghas an tailimh i gcás tailimh thionóntuithe maraon leis an mbreis (má bhíonn ann) a bheidh curtha leis an airgead ceannaigh mar gheall ar riaráiste cíosa socruithe ón lá ceaptha amach;

(b) de mhéid na roimh-íocanna a déanfar i dtaobh an tailimh, i gcás tailimh nea-thionóntuithe, ón dáta ar a mbeidh na roimh-íocanna san aisiníoctha, agus, sa mhéid ná beidh an talamh san díolta laistigh de thréimhse cúig mblian tar éis an lae cheaptha, de mhéid praghas an tailimh sin ón am a bheidh an tréimhse sin caithte go dtí go mbeidh na tailte aithdhíolta;

(c) d'ainm-luach gach Banna a tabharfar amach mar chabhair don phraghas agus i gcóir an Chiste Costaisí o dháta na mBannaí sin do thabhairt amach go dtí go ndeimhneoidh an tAire Airgid an céanna do bheith aisíoctha.

(3) Iocfidh Coimisiún na Talmhan le Ciste na mBannaí Talmhan, i gcóir an Chiste Fiach-Luíoduithe, do réir cúig scillinge per cent. per annum—

(a) d'ainm-luach gach Banna a tabharfar amach i gcóir praghas Cearta Spóirt agus Iascaigh a cheannuíodar fén Acht so o dháta na mBannaí sin do thabhairt amach go dtí go ndeimhneoidh an tAire Airgid an céanna do bheith aisíoctha;

(b) de mhéid na roimh-íocanna a dhéanfid le húnaerí blúiríocha tailimh nea-thionóntuithe i gcontaethe ceanntracha nea-chumhanga agus blúiríocha a ceannuíodh fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh chun fuascailte cíosanna Feirm-dhílse no cíosanna eile, leasanna uachtaracha, agus muirearacha ón dáta ar a dtabharfar amach Bannaí Talmhan i gcóir na roimh-íocanna san go dtí go mbeidh na roimh-íocanna aisíoctha.

(4) Iocfidh Coimisiún na Talmhan le Ciste na mBannai Talmhan gach suim a gheobhaid chun fuascailte blianachtaí ceannaigh is iníoctha fén Acht so, agus gach suim a íocfid ceannathóirí nuair a dhíolfidh Coimisiún na Talmhan aon talamh a dílsíodh ionta fén Acht so.

(5) Má bhíonn na híocaíochta bliantúla san dachad lá i riaráiste aon uair cuirfar mar mhuirear ar an gCiste Urraíochta, agus déanfar suas láithreach as, an méid a bheidh i riaráiste.

(6) Aon íocaíochtanna a dhéanfidh Coimisiún na Talmhan fé sna fo-ailt deiridh sin déanfar iad pé tráthanna i ngach bliain a ordóidh an tAire Airgid.

(7) As airgead a sholáthróidh an tOireachtas íocfar gach bliain le Coimisiún na Talmhan suim is leor chun íoctha an úis agus an chiste fiach-luíoduithe ar na Bannaí a tabharfar amach fén Acht so mar chabhair don phraghas agus i gcóir an Chiste Costaisí.

Bunú Ciste Blianachtai Ceannaigh

12. —(1) Isé an tAire Airgid a fheidhmeoidh feasta na comhachta a faisnítear in alt 6 den Acht Ceannach Talmhan (Éirinn), 1891, a bheith infheidhmithe ag Fear Ionaid an Rí no ag an gCisteán agus ní bheidh gá leis an bhfógra a foráltar le fo-alt (2) den alt san.

(2) D'ainneoin éinní contrárdha dho atá san Ordú um an Rialtas Sealadach (Aistriú Feidhmeanna), 1922, sa mhéid ná fuilid íoctha isteach sa Stát-Chiste cheana íocfar isteach i gCiste dar teideal. “Ciste na mBlianachtaí Ceannaigh,” a bunófar fé chúram an Aire Airgid, na suimeanna go léir, a bailíodh no a baileófar tar éis an 31adh lá de Mhárta, 1923, mar gheall ar bhlianachtaí ceannaigh in aisíoc roimh-íocanna a dineadh no a déanfar i Saorstát Éireann do réir connartha ceannaigh fén Acht Ceannach Talmhan (Éirinn), 1891, no fé aon Acht Talamh-Cheannaigh is déanaí ná san ach an tAcht so, agus íocfidh an tAire Airgid o am go ham amach as, leis an údarás ceart, chun creidiúna do Chuntas Ceannach na Talmhan no do Chiste Ceannach Talmhan na hÉireann, pe'ca aca é, suim a bheidh có-ionann leis na blianachtaí a bheidh ag teacht dlite mar gheall ar na roimh-íocanna roimhráite.

Chun crícheanna an ailt seo tuigfar blianachtaí ceannaigh do bheith ag folú úis is iníoctha mar gheall ar roimh-íoc mar adubhradh.

(3) Ná forálacha a bhain go dtí so le haon easnamh ar chuntas Ceannach na Talmhan no ar Chiste Ceannach Talmhan na hÉireann do dhéanamh suas bainfid, ón 1adh lá d'Abrán, 1923, le cás Ciste na mBlianachtaí Ceannaigh do réir rialachán a dhéanfidh an tAire Airgid.

(4) Beidh comhacht ag an Aire Airgid chun aon cheartuithe do dhéanamh is gá a dhéanamh de bharr an ailt seo maidir leis an Stát-Chiste agus Ciste na mBlianachtaí Ceannaigh agus an Ciste Urraíochta i gcás gnóthaí i rith na tréimhse ón 1adh lá d'Abrán, 1923, go dtí dáta rithte an Achta so.

Deire leis an teora chontae le roimh-íocanna.

13. —An teora a foráltar leis na hAchtanna Talamh-Cheannaigh i dtaobh na roimh-íocanna a féadfar a dhéanamh in aon chontae áirithe ní bhainfe sí le haon roimh-íocanna a déanfar do réir an Achta so.

Fuascailt Bhlianachtaí Ceannaigh i gcásanna áirithe.

14. —I gcás, fén Acht so, Coimisiún na Talmhan do thógaint tailimh atá fé bhlianacht thalamh-cheannaign, ansan sa chás san déanfar an bhlianacht i gcóir aisíoc an roimh-íoca bhunaidh d'áireamh, agus deighleálfar leis, mar éileamh i gcoinnibh airgid a roimh-íocfar fén Acht so chun an talamh do cheannach.

Coláiste na Trionóide, Baile Atha Cliath.

15. —(1) Na forálacha d'fho-ailt (1), (2), agus (3) d'alt 39 den Acht Talmhan Éireannach, 1903, le n-a bhforáltar suim £5,000 per annum d'íoc leis an iontaobhaí puiblí chun cuntais Choláiste na Trionóide, Baile Atha Cliath, agus na slite ina n-úsáidfar an t-airgead san, scuirfid d'éifeacht do bheith acu agus bainfid na forálacha so a leanas leis an gcás, ina n-ionad:—

(2) Íocfar suim £3,000 per annum leis an gColáiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(3) Na súncála a sheasuíonn do mhéaduithe ar an airgead a híocadh leis an iontaobhaí puiblí amhlaidh agus nár theastuigh chun cailliúint ioncuim do dhéanamh suas don Choláiste agus an t-ús fáis ar na súncála san, aistreofar iad chun an Aire Airgid agus chun pé oifigeach don Choláiste a ainmneoidh Cólucht Rialúcháin an Choláiste chun na críche sin.

(4) Na dividenda agus an t-ioncum a thiocfidh as na súncála a haistreofar amhlaidh úsáidfidh an Coláiste iad ar pé cuma agus chun pé crícheanna a chífar don Choláiste a bheith oiriúnach.

(5) Na súncála a haistreofar amhlaidh féadfar iad d'atharú o am go ham le toil agus cead an Aire Airgid.

(6) Féadfidh an Coláiste o am go ham, le toil an Aire Airgid, na súncála a haistreofar amhlaidh, no aon tsúncála eile a bheidh de thurus na huaire ag seasamh dóibh, do dhíol i bpáirt no go hiomlán agus an t-airgead a thiocfidh as an díol san do chur chun pé crícheanna a chífar don Choláiste a bheith oiriúnach agus a cheadóidh an tAire Airgid.

Deontas Fássaothrúchán na hÉireann.

16. —Íocfar isteach sa Stát-Chiste gach airgead a bheidh i gcreidiúint do chuntas Deontas Fás-saothrúchán na hÉireann ar dháta rithte an Achta so.

Comhacht chun Rialacha do dhéanamh.

17. —Beidh comhacht ag an Aire Airgid chun rialacha do dhéanamh chun forálacha na coda so den Acht so do chur in éifeacht agus chun pé forálacha atá in aon achtachán a ritheadh roimh an Acht so, agus a bhaineann le hAirgeadas Talamh-Cheannaigh, do chur in oiriúint do riachtanaisí an Achta so.