36 1923

Uimhir 36.


ACHT CÚIRTEANNA DHÁIL ÉIREANN (CRÍOCHNÚ A nGNÓTHA), 1923.


ACHT CHUN FORÁLACHA DO DHÉANAMH CHUN COIMISINÉIRÍ DO CHEAPA CHUN DEIGHLEÁIL LE CÁSANNA A BHÍ AR FIONNRAOI I gCÚIRTEANNA A BUNUÍODH FÉ ÚDARÁS DHÁIL ÉIREANN, AGUS CHUN CLÁR D'AITHEANTA NA gCÚIRT SIN DO BHUNÚ, AGUS CHUN FORÁLACHA EILE DO DHÉANAMH CHUN GNÓ NA gCÚIRT SIN DO CHRÍOCHNÚ AGUS CHUN FAOISEAMH DO THABHAIRT I gCRUATAIN AGUS I NEA-RIALTACHT ÁIRITHE ATÁ TAR ÉIS ÉIRGHE I dTAOBH NA gCÚIRT SIN.

[8adh Lúnasa, 1923.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an focal “na Coimisinéirí” na Coimisinéirí Breithiúntais a ceapfar fén Acht so;

cialluíonn an focal “Clár” an Clár d'Aitheanta Dáil-Chúirte a bunófar fén Acht so;

cialluíonn an focal “aithne chláruithe” aithne Dáil-Chúirte a cláruíodh go cuibhe ar an gClár;

cialluíonn an focal “Clárathóir” an Clárathóir Aitheanta Dáil-Chúirte a ceapfar fén Acht so;

cialluíonn an focal “Cuntasóir” Cuntasóir Chiste na nDáil-Chúirt a ceapfar fén Acht so;

foluíonn an focal “aithne” breith agus ordú nuair a húsáidtear é i dtaobh Dáil-Chúirte;

cialluíonn an focal “Dáil-Chúirt” aon chúirt a cuireadh ar bun fé Aithne a dineadh sa bhliain 1920 ag an Aire um Ghnóthaí Dúithche a tuigeadh a bheith ag gníomhú fé údarás na Dála a buníodh ina Rialtas do Shaorstát Éireann ag na baill a toghadh do dháilcheanntair in Éirinn agus a tháinig le chéile mar an gcéad uair i bPáirlimint a comóradh i dTigh an Ard-Mhéara i mBaile Atha Cliath an 21adh lá d'Eanair, 1919;

cialluíonn an focal “Aire” an tAire um Ghnóthaí Dúithche;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacha no rialacháin a déanfar fén Acht so.

(2) Chun críche an Achta so tuigfar gur dineadh údarás gach Dáil-Chúirte Paróiste agus gach Dáil-Chúirte Ceanntair lasmuich de Chathair Bhaile Atha Cliath do tharrac siar ar an 30adh lá de Dheire Fómhair, 1922, agus tuigfar gur tarraigeadh siar údarás gach Dáil-Chúirte eile ar an 25adh lá d'Iúl, 1922.

Coimisinéirí Breithiúntais agus Coimisinéirí Conganta do cheapa i gcóir críche an Achta so

2. —(1) Beidh sé dleathach do Sheanascal Shaorstáit Éireann, ar chomhairle Ard-Chomhairle Shaorstáit Éireann, duine ceart oiriúnach do cheapa chun bheith ina Phríomh-Choimisinéir Breithiúntais agus pé daoine cearta oiriúnacha agus pé méid díobh is dó leis is ceart, ar an gcomhairle roimhráite, do cheapa chun bheith ina gCoimisinéirí Breithiúntais íochtaracha agus ina gCoimisinéirí Conganta fé seach chun crícheanna an Achta so.

(2) Gach éinne a ceapfar chun bheith ina Choimisinéir Bhreithiúntais fén alt so beidh sé tar éis bheith ina Bhreitheamh do Chúirt Uachtarach na Dála no beidh sé ina abhcóide a bhí ag cleachta ar feadh deich mblian ar a luíod, agus gach éinne a ceapfar chun bheith ina Choimisinéir Chonganta fén alt so beidh sé tar éis bheith ina Bhreitheamh Chuarda do Dháil-Chúirt no beidh sé ina abhcóide a bhí ag cleachta ar feadh sé mblian ar a luíod, no beidh sé ina Ghiúistís Dúithche.

(3) Gach éinne a ceapfar chun bheith ina Choimisinéir Bhreithiúntais no ina Choimisinéir Chonganta fén alt so féadar é do bhrise no do chur chun siúil aon uair is maith le Seanascal Shaorstáit Éireann san do dhéanamh ar chomhairle na hArd-Chomhairle.

(4) Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, leis na Coimisinéirí Breithiúntais agus leis na Coimisinéirí Conganta a ceapfar fén alt so, pé tuarastail agus liúntaisí a shocróidh an tAire um Ghnóthaí Dúithche le toil an Aire Airgid.

Beidh séala ag na Coimisinéirí.

3. —(1) Beidh séala coitiann ag na Coimisinéirí agus tabharfidh gach cúirt i Saorstát Éireann fé ndeara é i gcúrsaí breithiúntais.

(2) Déanfidh na Coimisinéirí, leis na rialacháin a dhéanfid fén Acht so, fuirm an tséala san do shocrú maraon leis na huaire agus an chuma ina ndéanfar é d'úsáid agus do dhílse-dheimhniú.

Eistfidh na Coimisinéirí imeachta atá ar fionnraoi ag Dáil-Chúirteanna.

4. —(1) Aon pháirtí in aon imeachta a bhí ar fionnraoi in aon Dáil-Chúirt áirithe ar dháta údarás na Cúirte sin do tharrac siar féadfa sé a iarraidh ar na Coimisinéirí ar an gcuma orduithe na himeachta san do chur fé éisteacht agus fé bhreith ag na Coimisinéirí agus leis sin déanfidh na Coimisinéirí an céanna d'éisteacht agus breith do thabhairt air.

(2) Féadfidh an t-athchomharcach in aon athchomharc a bhí ar fionnraoi in aon Dáil-Chúirt áirithe ar dháta údarás na Cúirte sin do tharrac siar a iarraidh ar na Coimisinéirí ar an gcuma orduithe an t-athchomharc san do chur fé éisteacht agus fé bhreith ag na Coimisinéirí agus leis sin déanfidh na Coimisinéirí an céanna d'éisteacht agus breith do thabhairt air.

Athchomhairc i gcoinnibh aitheanta Dáil-Chúirte agus feidhmiú aitheanta Dáil-Chúirte.

5. —(1) Einne adeireann go bhfuil sé fé éagcóir ag aon aithne chláruithe Dháil-Chúirte nách í Cúirt Uachtarach na Dála í agus a bhí ina pháirtí sna himeachta in ar dineadh an aithne sin no atá ceangailte ar aon tslí eile leis an aithne sin, féadfa sé athchomharc do dhéanamh chun na gCoimisinéirí i gcoinnibh na haithne sin laistigh den aimsir orduithe agus ar an gcuma orduithe, agus leis sin déanfidh na Coimisinéirí an t-athchomharc san d'éisteacht agus breith do thabhairt air.

(2) Einne adeireann go bhfuil sé fé éagcóir ag aon aithne chláruithe a dhin Cúirt Uachtarach na Dála agus a bhí ina pháirtí sna himeachta in ar dineadh an aithne sin no atá ceangailte ar aon tslí eile leis an aithne sin féadfa sé laistigh den aimsir orduithe agus ar an gcuma orduithe cead d'iarraidh ar na Coimisinéirí chun athchomharc do dhéanamh chun na gCoimisinéirí i gcoinnibh an aithne sin, agus má deontar an cead san, féadfidh an duine sin athchomharc do dhéanamh chun na gCoimisinéirí i gcoinnibh na haithne sin laistigh den aimsir orduithe agus ar an gcuma orduithe, agus leis sin déanfidh na Coimisinéirí an t-athchomharc san d'éisteacht agus breith do thabhairt air.

(3) Einne i dteideal feidhmiú do dhéanamh ar aon aithne chláruithe Dháil-Chúirte ná tabharfar aon athchomharc ina coinnibh fén alt so, féadfa sé, ar bheith istigh don aimsir orduithe chun an t-athchomharc san do dhéanamh, barántas d'fháil, gan ceist, ó sna Coimisinéirí chun an aithne sin d'fheidhmiú.

(4) Ní bheidh aon bhrí ná éifeacht ag aon aithne Dáil-Chúirte ná ní féadfar dlí do chur ar siúl mar gheall uirthe ná í d'fheidhmiú i láthair na gCoimisinéirí ná aon chúirte eile ná acu ná ar aon tslí eile in aon chor mara gcláruítear an aithne sin go cuibhe fén Acht so.

(5) Ní féadfar dlí do chur ar siúl mar gheall ar aon aithne chláruithe Dháil-Chúirte ná í d'fheidhmiú i láthair aon chúirte ná aici ná ar aon tslí eile in aon chor ach amháin tré sna himeachta no na nithe eile sin a húdaruítear leis an Acht so, ach ní choiscfidh éinní san Acht so aon aithne chláruithe do phléideáil agus do thabhairt mar fhianaise chun cosanta no mar chur in aghaidh ní eile in aon imeachta.

Féadfidh Coimisinéir Conganta cásanna áirithe d'éisteacht.

6. —(1) Féadfar aon cheann de sna hiarrataisí seo a leanas do dhéanamh i láthair Coimisineura Chonganta in ionad é do dhéanamh i láthair na gCoimisinéirí, sé sin le rá :—

(a) aon iarratas ar éisteacht do dhéanamh agus breith do thabhairt ar imeacht a bhí ar fionnraoi i nDáil-Chúirt Pharóiste nó i nDáil-Chúirt Cheanntair nuair a tarraigeadh siar údarás na Cúirte sin;

(b) aon iarratas ar éisteacht do dhéanamh agus breith do thabhairt ar athchomharc i gcoinnibh breithe Dáil-Chúirte Paróiste a bhí ar fionnraoi i nDáil-Chúirt Cheanntair nuair a tarraigeadh siar údarás na Cúirte sin;

(c) aon athchomharc i gcoinnibh aithne chláruithe de Dháil-Chúirt Pharóiste no de ghnáth-shuidhe Dáil-Chúirte Ceanntair;

(d) aon iarratas eadarlabharthach in aon chás díobh san thuas.

(2) Ag éisteacht aon cháis no iarratais fén alt so dho beidh ag Coimisinéir Conganta na comhachtanna agus na húdaráis chéanna a bheadh ag na Coimisinéirí fén Acht so agus iad ag éisteacht a leithéid sin de chás no d'iarratas, agus bainfidh gach foráil den Acht so i dtaobh clárú agus feidhmiú orduithe na gCoimisinéirí le horduithe a dhéanfidh Coimisinéir Conganta fén alt so.

(3) Einne a bheidh fé éagcóir ag ordú Coimisineura Chonganta fén alt so agus a bhí ina pháirtí sna himeachta in ar dineadh an t-ordú san no a bheidh ceangailte ar aon tslí eile leis an ordú san, féadfa sé athchomharc do dhéanamh chun na gCoimisinéirí i gcoinnibh an orduithe sin laistigh den aimsir orduithe agus ar an gcuma orduithe agus leis sin déanfid siad san an t-athchomharc san d'éisteacht agus breith do thabhairt air.

Ní bhainfidh an fo-alt so le horduithe a dineadh i nithe a bhí ar fionnraoi i nDáil-Chúirt Pharóiste nuair a tarraigeadh siar údarás na Cúirte sin ná le horduithe a dineadh de bharr athchomhairc i gcoinnibh aithne Dáil-Chúirte Paróiste.

Athchomharc i gcoinnibh ordú aon Choimisineura amháin.

7. —(1) Luighfidh athchomharc chun na gCoimisinéirí i gcoinnibh aon ordú a bheidh déanta ag aon Choimisinéir Breithiúntais amháin ina shuidhe in’ aonar. Ní bhainfidh an fo-alt so le horduithe a bheidh déanta i nithe a bhí ar fionnraoi i nDáil-Chúirt Pharóiste nuair a tarraigeadh siar údarás na cúirte sin ná le horduithe a bheidh déanta de bharr athchomharcanna i gcoinnibh aithne Dáil-Chúirte Paróiste ná le horduithe a bheidh déanta de bharr athchomhairc i gcoinnibh an Chlárathóra i dtaobh clárú no nea-chlárú aithne Dáil-Chúirte.

(2) Ní thógfidh aon Choimisinéir páirt in éisteacht athchomhairc i gcoinnibh ordú a dhin sé féin.

Féadfidh na Coimisinéirí feitheamh do chur ar orduithe coinbliochta chuirteanna eile.

8. —(1) Aon uair a cuirfar ina luighe ar na Coimisinéirí gur thug no gur dhin aon chúirt eile breithiúntas, aithne no ordú i dtaobh aon ruda no cúrsa scéil 'na bhfuil imeachta ar siúl i láthair na gCoimisinéirí mar gheall air, féadfidh na Coimisinéirí, ar a iarraidh sin ar an gcuma orduithe d'éinne le n-a mbaineann an breithiúntas, aithne no ordú san, feitheamh do chur ar fheidhmiú an bhreithiúntais, aithne no ordú san, no ar aon chuid de a luadhfar, go ceann na haimsire sin agus sa mhéid sin is oiriúnach leis na Coimisinéirí.

(2) Ní bheidh sé dleathach d'aon Fho-Shirriam ná d'aon oifigeach eile ná d'aon duine aon bhreithiúntas, aithne ná ordú ná an chuid luaidhte dhe d'fheidhmiú ná do chur á fheidhmiú má dhineann na Coimisinéirí fén alt so feitheamh do chur ar a fheidhmiú.

Feitheamh do chur ar imeachta coinbliochta i gcúirteanna eile.

9. —In aon chás ina gcuirfar ina luighe ar na Coimisinéirí aon ruda no cúrsa scéil atá ina abhar imeachta i láthair na gCoimisinéirí do bheith ina abhar imeachta leis i láthair aon chúirte eile i Saorstát Éireann beidh sé dleathach do sna Coimisinéirí, ar a iarraidh sin ar an gcuma orduithe d'aon pháirtí sna himeachta san a céad-luadhadh, eolas agus mion-inste ar na himeachta atá ar fionnraoi i láthair na gCoimisinéirí do thabhairt don chúirt ina bhfuil na himeachta san a dara-luadhadh ar fionnraoi, agus leis sin cuirfidh an chúirt sin feitheamh ar na himeachta san atá ar fionnraoi ina láthair sa mhéid go ndineann na himeachta san baint le no difir do sna nithe no na cúrsaí scéil atá ina n-abhar imeachta i láthair na gCoimisinéirí.

Ceist i dtaobh fírinne scéil á chur chun Cúirte Contae no Dúithche.

10. —(1) Aon cheist i dtaobh fírinne scéil a eireoidh in aon imeachta a bheidh os cóir na gCoimisinéirí agus is usa a thriail, dar leo, i gCúirt Chontae no Dhúithche áirithe, féadfid í do chur chun Breithimh Chúirte Contae no Giúistís Dúithche na Cúirte sin chun go ndéanfadh seisean í do thriail agus breith do thabhairt uirthe, bíodh go bhfuil triail na ceiste sin lasmuich d'údarás an Bhreithimh Chúirte Contae no an Ghiúistís Dúithche sin mar gheall ar an méid airgid no luach na maoine atá i gceist no mar gheall ar aon chúis eile.

(2) Breitheamh Cúirte Contae no Giúistís Dúithche 'na gcuirfear ceist chuige fén alt so déanfa sé ar an gcéad chothrom caothúil a bheidh aige air, i ngnáth-shuidhe dho no i suidhe speisialta, an cheist sin do thriail agus breith do thabhairt uirthe agus neosa sé a bhreith uirthe do sna Coimisinéirí i scríbhinn.

(3) Nuair a bheidh Breitheamh Cúirte Contae no Giúistís Dúithche ag triail ceiste a cuireadh chuige fén alt so beidh aige i dtaobh stiúra na trialach san, pe'ca chun coiste do ghairm, chun a thabhairt ar fhínnithe teacht i láthair, chun ordathacht do chimeád ina chúirt, chun a chur ar oifigigh a chúirte cabhrú leis no chun éinní eile do dhéanamh, na comhachta céanna atá aige do réir dlí i dtaobh stiúra na trialach a bhaineann le bille síbhialta no gairm Chúirte Dúithche, pe'ca san é.

(4) Ní éileofar aon táillí in aon Chúirt Chontae no Dhúithche maidir le ceist a cuireadh chun Breithimh no Giúistís na Cúirte sin fén alt so.

(5) Ní déanfar fén alt so aon cheist do chur chun Breithimh Chúirte Contae ná Giúistís Dúithche gan an Breitheamh no an Giúistís sin do thoiliú chuige.

Clárathóir Aitheanta Dáil-Chúirte do cheapa.

11. —(1) Féadfidh an tAire duine ceart oiriúnach do cheapa chun bheith ina Chlárathóir Aitheanta Dáil-Chúirte, duine a chimeádfidh an Clár d'Aitheanta Dáil-Chúirte a bunuítear leis an Acht so, agus fós a ghníomhóidh mar Chlárathóir do Chúirt na gCoimisinéirí agus a chó-líonfidh pé dualgaisí eile a leagfidh an tAire, no na Coimisinéirí le toil an Aire, amach do ó am go ham.

(2) Beidh oifig ag an gClárathóir do réir pé sealbhaíochta agus ar pé téarmaí agus íocfar leis as airgead a sholáthróidh an tOireachtas pé tuarastal no luach saothair a ordóidh an tAire le toil an Aire Airgid.

Clár d'Aitheanta Dáil-Chúirte do bhunú.

12. —(1) Cuirfidh an tAire fé ndeár Clár d'Aitheanta Dáil-Chúirte d'oscailt agus do chimeád ar siúl agus tabharfa sé fógra puiblí le fógraíocht no ar shlí eile i dtaobh bunú an Chláir sin, agus ainmneoidh sé sa bhfógra puiblí sin dáta, nach luatha ná dhá mhí agus nách déanaí ná cheithre mhí tar éis rithte an Achta so, 'na bhféadfidh éinne fógra do thabhairt roimhe don Chlárathóir i dtaobh aon aithne a dhin Dáil-Chúirt i ní no in imeacht gur pháirtí ann é féin no éinne marbh darb ionadaí pearsanta é no i dtaobh aon aithne den tsórt san atá ina ceangal air féin no ar an duine marbh san.

(2) Iontrálfidh an Clárathóir sa Chlár mion-innste ar gach aithne Dáil-Chúirte 'na bhfuighe sé—

(a) fógra ina taobh roimh an dáta a hainmníodh sna fógraíochtaí roimhráite; agus

(b) pé fianaise is dó leis is leor do réir réasúin chun a thaisbeáint gur dineadh an aithne sin agus cadí an chúirt a dhin agus cadé an dáta ar a dineadh an céanna agus cadiad na téarmaí atá inti; agus

(c) pé mion-innste atá ag an té a thug an fógra, no atá réasúnta saoráideach do a fháil, maidir le hainmneacha agus seolta na ndaoine go léir le n-a mbaineann na haitheanta san no atá ceangailte leo, agus maidir le hainmneacha agus seolta na n-atúrnaethe (má bhíodar ann) a bhí ag gníomhú do sna daoine sin fé seach sa ní in ar dineadh an aithne sin.

(3) Laistigh den aimsir orduithe tar éis aithne d'iontráil sa Chlár, tabharfidh an Clárathóir, ar an gcuma orduithe, fógra i dtaobh clarú na haithne sin do gach duine 'na bhfeicfar baint do bheith ag an aithne sin leis no í do bheith ina ceangal air agus do sna hatúrnaethe (má bhíodar ann) is léir a bhí ag gníomhú do sna daoine sin fé seach sa ní in ar dineadh an aithne sin.

(4) Einne ar a ngoillfidh clárú aithne Dáil-Chúirte no diúltú ón gClárathóir d'í do chlárú féadfa sé athchomharc do dhéanamh ar an gcuma orduithe chun na gCoimisinéirí agus déanfid siad san pé ordú sa scéal a chífar dóibh a bheith cothrom.

(5) Ní iontrálfar ar an gClár aon aithne a dhin Dáil-Chúirt tar éis an dáta ar ar tarraigeadh siar údarás na cúirte sin.

(6) Aon fhógraíochtaí d'fhoillsigh an tAire roimh rith an Achta so, ag tabhairt cuire do dhaoine mion-innste do chur isteach i dtaobh aitheanta Dáil-Chúirteanna tuigfar gur foillsíodh iad fén alt so, agus gach mion-innsint a fuair no a gheobhaidh an tAire do réir na bhfógraíochta san cuirfe sé in úil don Chlárathóir í agus tuigfar gur fógra fén alt so don Chlárathóir í i dtaobh na haithne le n-a mbaineann sí agus deighleálfidh an Clárathóir léi dá réir sin.

Orduithe, etc., na gCoimisinéirí d'iontráil sa Chlár.

13. —Iontrálfar ar an gClár gach ordú, breithiúntas agus aithne a dhéanfidh na Coimisinéirí agus fós gach scríbhinn eile a bhaineann le himeachta i láthair na gCoimisinéirí agus a hordófar a iontráil.

Aistriú an Chláir agus na mbreacthachán chun na hArd-Chúirte.

14. —Tar éis gnó na gCoimisinéirí fén Acht so do bheith críochnuithe amuich is amach aistreofar chun na hArd-Chúirte agus cimeádfar ann i dteannta breacthachán na cúirte sin an Clár agus gach breacthachán oifigiúil eile (má bhíonn ann) ar obair na gCoimisinéirí no i dtaobh na hoibre sin.

Cuntasóir Ciste na nDáil-Chúirt do cheapa.

15. —(1) Féadfidh an tAire duine ceart oiriúnach do cheapa chun bheith ina Chuntasóir Ciste na nDáil-Chúirt agus cimeádfidh seisean cuntaisí an Chiste sin agus có-líonfa sé pé dualgaisí eile a leagfidh an tAire amach do ó am go ham.

(2) Beidh oifig ag Cuntasóir Ciste na nDáil-Chúirt do réir pé sealbhaíochta agus ar pé téarmaí agus íocfar leis as airgead a sholáthróidh an tOireachtas pé tuarastal no luach saothair a ordóidh an tAire le toil Aire an Airgid.

(3) Iniúchfidh an tArd-Scrúdóir cuntaisí Ciste na nDáil-Chúirt ar pé slí agus ar pé uaire a ordóidh an tAire Airgid.

Ciste na nDáil-Chúirt do bhunú.

16. —(1) Bunófar chun crícheanna an Achta so Ciste dá ngairmfear “Ciste na nDáil-Chúirt” agus, i dteanta an airgid a horduítear leis an Acht so no fé a íoc isteach sa Chiste sin, cuirfar chun creidiúna do Chiste na nDáil-Chúirt ó am go ham, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, pé suimeanna a ordóidh an tAire Airgid.

(2) Déanfar Ciste na nDáil-Chúirt do chimeád agus gach tarrac as do dhílse-dheimhniú ar pé slí agus ag pé daoine no duine a ordóidh an tAire Airgid ó am go ham.

(3) Ar ghnó na gCoimisínéirí fén Acht so do bheith críochnuithe amuich is amach agus ar íoc agus ar fháil gach airgid is iníoctha amach as Ciste na nDáil-Chúirt no isteach ann fén Acht so, íocfar isteach i Stát-Chiste Shaorstáit Éireann an farasbár (má bhíonn ann) a bheidh chun creidiúna do Chiste na nDáil-Chúirt an uair sin agus dúnfar an Ciste sin.

Féadfidh na Coimisinéirí íocaíochtanna áirithe do dhéanamh as Ciste na nDáil-Chúirt.

17. —(1) Ar a iarraidh sin d'éinne (dá ngairmtear “an t-iarratasóir” san alt so) ar an sli orduithe beidh sé dleathach do sna Coimisinéirí, in aon chás ina bhfeicfar dóibh gur ceart san a dhéanamh, a ordú go n-íocfar leis an iarratasóir as Ciste na nDáil-Chúirt pé suim airgid is dó leis na Coimisinéirí is cóir—

(a) in aisíoc aon airgid d'íoc an t-iarratasóir no aon duine marbh darb ionadaí pearsanta an t-iarratasóir, le haon oifigeach no údarás d'aon Dáil-Chúirt mar éarlais, urrús no ar aon tslí eile fé aon riail no ordú, speisialta no generálta, a dhin an chúirt sin; no

(b) in aisíoc aon airgid d'íoc an t-iarratasóir no aon duine marbh den tsórt san roimhráite le hordú Dáil-Chúirte chun úsáid no tairfe na Dáil-Chúirte sin.

(2) I gcás gan an tsuim airgid a éileoidh iarratasóir fén alt so do dhul thar deich bpúint fhichead féadfar an t-iarratas do dhéanamh i láthair Coimisineura Chonganta agus i dtaobh an iarratais sin beidh ag an gCoimisinéir Conganta san gach comhacht a bronntar ar na Coimisinéirí leis an alt so.

Airgead agus cuntaisí Dáil-Chúirteanna do sheachada don Chuntasóir.

18. —(1) Gach duine dar dhualgas airgead do ghlaca no d'íoc amach maidir le haon Dáil-Chúirt no a tháinig i seilbh aon airgid ina raibh sé freagarthach do Dháil-Chúirt, déanfa sé, laistigh de mhí tar éis rithte an Achta so, cuntas iomlán fírinneach do sheachada don Chuntasóir ar gach airgead den tsórt san agus an farasbár a bheidh ina lámhaibh do réir an chuntais sin d'íoc leis an gCuntasóir chun é do chur isteach i gCiste na nDáil-Chúirt.

(2) Gach duine 'na bhfuil ar seilbh aige aon chuntaisí a bhaineann le fáil no íoc aon airgid ina raibh an duine sin no éinne eile freagarthach do Dháil-Chúirt seachadfa sé na cuntaisí sin don Chuntasóir laistigh de mhí tar éis rithte an Achta so.

(3) Má chítar do sna Coimisinéirí, ar fháil iarratais ón gCuntasóir no ar aon tslí eile, gur dhin aon duine den tsórt a luaidhtear i gceachtar den dá fho-alt san roimhe seo faillí ar aon chuntas do sheachada don Chuntasóir a éilítear leis an alt so ar an duine sin a sheachada don Chuntasóir, no faillí ar aon fharasbár d'íoc leis an gCuntasóir a éilítear leis an alt so ar an duine sin a íoc leis an gCuntasóir, féadfidh na Coimisinéirí a ordú don duine sin an cuntas san do sheachada don Chuntasóir no an farasbár san d'íoc leis (fé mar a ráineoidh) laistigh d'aimsir a luadhfar san ordú san.

(4) Mar phionós ar éinne a dhéanfidh faillí ar aon chuntas do sheachada no aon fharasbár d'íoc do réir aon ordú a dhéanfidh na Coimisinéirí fén alt so, féadfidh na Coimisinéirí le hordú fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air le n'íoc isteach i gCiste na nDáil-Chúirt, no, mara n-íoctar an fhíneáil sin, príosúntacht do chur air ar feadh aon tréimhse nách sia ná trí mhí.

Feidhmiú Orduithe na gCoimisinéirí agus Aitheanta Dáil-Chúirte.

19. —(1) Chun feidhmiú do dhéanamh ar aon ordú a dhéanfidh na Coimisinéirí fén Acht so, no ar aon aithne Dháil-Chúirte is infheidmithe fén Acht so, féadfidh na Coimisinéirí a mbarántas do thabhairt amach sa bhfuirm orduithe agus é seolta chun aon Fhó-Shirriaim i Saorstát Éireann, á éileamh ar an bhFo-Shirriam san an t-ordú no an aithne, no aon chuid áirithe den ordú no den aithne, le n-a mbaineann an barántas san d'fheidhmiú ar an gcuma adéarfar sa bharántas san.

(2) Chun feidhmiú do dhéanamh ar aon ordú a dhéanfidh Coimisinéir Conganta fén Acht so, no ar aon aithne Dháil-Chúirte Paróiste no Dháil-Chúirte Ceanntair is infheidhmithe fén Acht so, féadfar barántas ó sna Coimisinéirí fén alt so do thabhairt amach le hordú ó Choimisinéir Chonganta sa bhfuirm orduithe.

(3) Féadfidh na Coimisinéirí, in aon bharántas a tabharfar amach fén alt so, a éileamh ar an bhFo-Shirriam an t-ordú no an aithne, no cuid den ordú no den aithne, le n-a mbaineann an barántas san d'fheidhmiú ar aon tslí ina bhféadfadh an Fo-Shirriam san a leithéid sin d'aithne ó Chúirt Bhille Shíbhialta d'fheidhmiú do réir dlí.

(4) Gach Fo-Shirriam 'na seolfar chuige aon bharántas fén alt so beidh gach comhacht aige agus féadfa sé gach táille d'éileamh atá dílsithe ann no is inéilithe aige de thurus na huaire i bhfeidhmiú no i dtaobh feidhmiú aithne ó Chúirt Bhille Shíbhialta de shaghas an orduithe no na haithne le n-a mbaineann an barántas san.

Comhachta generálta na gCoimisinéirí.

20. —(1) Chun crícheanna an Achta so beidh comhacht agus údarás iomlán ag na Coimisinéirí chun éisteacht do dhéanamh agus breith do thabhairt ar gach ní, pe'ca le dlí no le fírinne a bhaineann sé, a tabharfar go cuibhe os a gcóir fén Acht so, agus ní féadfar, le hordú aon chúirte eile, iad do chosc ar fheidhmiú a gcomhachtanna fén Acht so, ná ní déanfar aon imeachta a bheidh os a gcóir d'aistriú isteach in aon chúirt eile le certiorari.

(2) I dtaobh na nithe seo a leanas, sé sin le rá :—

(a) a thabhairt ar fhínnithe teacht i láthair (tar éis a gcostaisí a bheith tairgthe dhóibh), scrúdú fínnithe tré chomhrá béil no mionn scríbhte, agus dintiúirí, leabhair, páipéirí agus scríbhinní do thabhairt i láthair; agus

(b) aon choimisiún do thabhairt amach chun finnithe do scrúdú; agus

(c) pionós do chur ar dhaoine a dhiúltóidh d'fhianaise do thabhairt no do scríbhinní do thabhairt i láthair, no a bheidh ciontach i ndí-mheas i láthair na gCoimisinéirí no aon chuid acu ina suidhe i gcúirt oscailte; agus

(d) fiachas na gcostaisí fé n-ar chuathas in imeachta os cóir na gCoimisinéirí do shocrú agus méid na gcostaisí sin do thomhas;

beidh ag na Coimisinéirí gach comhacht, ceart agus pribhléid den tsórt atá dílsithe san Ard-Chúirt chun na gcrícheanna san no chun crícheanna den tsórt céanna agus gach imeacht a bheidh os cóir na gCoimisinéirí tuigfar sa dlí gur imeachta breithiúntais os cóir cúirte breacthacháin é.

Déanfidh agus foillseoidh na Coimisinéirí rialacha.

21. —(1) Chó luath is thiocfa sé isteach le n-a gcaothúlacht tar éis a gceaptha déanfidh agus foillseoidh na Coimisinéirí rialacha chun a nós-imeachta do regealáil agus leis na rialacha san féadfid a ordú cadiad na fuirmeacha a húsáidfar in imeachta a bheidh os a gcóir.

(2) Socróidh na Coimisinéirí leis na rialacha san cá mhéid Coimisinéir a chó-dhéanfidh quorum chun cásanna d'aicmí difriúla d'éisteacht, ach socróid é ar chuma ná héisteofar ag níos lú ná beirt Choimisinéirí aon athchomharc i gcoinnibh aithne de shuidhe cuarda Dáil-Chúirte ná de Chúirt Uachtarach na Dála, agus ná héisteofar ag níos lú ná beirt Choimisinéirí aon athchomharc i gcoinnibh breithe Coimisineura no Coimisineura Chonganta, agus ná déanfaidh aon Choimisinéir ba bhreitheamh do Dháil-Chúirt suidhe chun éisteacht athchomhairc i gcoinnibh aithne a dhin sé féin amháin ná (chó fada agus is féidir é agus an méid Coimisinéirí a bheidh ar fáil) athchomhairc i gcoinnibh aithne Dáil-Chúirte dar bhall é.

(3) Leis na rialacha san regealálfidh na Coimisinéirí nósimeachta Coimisinéirí Conganta agus stiúrú imeachtanna a bheidh os cóir Coimisineura Chonganta agus leis na rialacha san féadfid a ordú cadiad na fuirmeacha a húsáidfar sna himeachta san.

(4) Féadfar gan ach éinne amháin a bheith i quorum a hordófar le rialacha a déanfar fén alt so.

Táillí a héileofar fén Acht so.

22. —(1) Eileoidh na Coimisinéirí, i dtaobh imeachtanna a tugadh os a gcóir féin no os cóir Coimisineura Chonganta fén Acht so, agus i dtaobh gníomhartha a dhineadar féin no éinne dá n-oifigigh no Coimisinéir Conganta no an Clárathóir no an Cuntasóir i bhfeidhmiú a ndualgaisí fé seach fén Acht so, pé táillí a hordófar ó am go ham le horduithe a dhéanfidh an tAire um Ghnóthaí Dúithche ar mhola na gCoimisinéirí agus le cead an Aire Airgid.

(2) In orduithe a déanfar fén alt so féadfar (in ainneoin éinní atá san Acht Táillí Oifigí Puiblí, 1879) an modh agus an tslí do shocrú chun táillí a hordófar leis na horduithe sin do bhailiú agus chun cuntas do thabhairt ortha.

Oifigigh agus fuireann do cheapa.

23. —(1) Pé oifigigh agus fuireann (lasmuich den Chlárathóir agus den Chuntasóir) a theastóidh ó sna Coimisinéirí, on gClárathóir agus ón gCuntasóir fé seach chun crícheanna an Achta so, isé an tAire a cheapfidh iad ach san le toil an Aire Airgid maidir le huimhir agus luach saothair.

(2) As airgead a sholáthróidh an tOireachtas isea a híocfar tuarastal no luach saothair eile na n-oifigeach agus na fuirinne a ceapfar fén alt so.

Féadfidh ionadaithe pearsanta do dhaoine ná maireann imeachta do bhunú.

24. —In aon chás ina bhféadfidh aon pháirtí, athchomharcach no duine eile aon iarratas, athchomharc no imeacht eile do thabhairt os cóir na gCoimisinéirí fén Acht so, féadfidh an t-ionadaí pearsanta d'aon duine 'na mbeadh aige fén Acht so, dá mbeadh sé ina bheathaidh, teideal chun an t-iarratas, an t-athchomharc no an t-imeacht san do thabhairt os cóir na gCoimisinéirí, féadfa sé an t-iarratas, an t-athchomharc no an t-imeacht san do thabhairt os a gcóir.

Féadfidh an tAire um Ghnóthaí Dúithche rialacháin do dhéanamh.

25. —Féadfidh an tAire rialacháin do dhéanamh ó am go ham le hordú chun cuspóirí an Achta so do chur in éifeacht, ach ní tuigfar an t-alt so do bheith á údarú don Aire rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní 'na n-údaruítear no 'na n-orduítear do sna Coimisinéirí leis an Acht so rialacha no rialacháin do dhéanamh ina thaobh.

Féadfar breitheanna, etc., nár cuireadh ina gcoinnibh d'athoscailt i gcásanna áirithe.

26. —(1) In aon chás in ar thug no in ar dhin aon chúirt breith, aithne no ordú ar an 1adh lá de Lúnasa, 1920, no ina dhiaidh sin, i gcoinnibh aon duine agus é as láthair, agus ina gcuirfar ina luighe ar an gcúirt sin no, i gcás aithne Dáil-Chúirte, ar na Coimisinéirí, go raibh cosaint no freagra prima facie ag an duine sin i gcoinnibh déanamh na breithe, na haithne no an orduithe sin, ach gur staon sé ó theacht i láthair agus cur i gcoinnibh déanamh na breithe, na haithne no an orduithe sin toisc, do réir a phrínsiobal, go raibh sé i gcoinnibh géille d'údarás na cúirte sin, féadfidh an chúirt sin no na Coimisinéirí, pe'ca aca é, aon uair laistigh de thrí mhí tar éis rithe an Achta so, agus ar pé téarmaí agus coiníollacha a fhéachfidh, má fhéachann aon cheann, a bheith ceart, a cheadú go n-ath-osclófar na himeachta in ar dineadh no in ar tugadh an bhreith, an aithne no an t-ordú san chun leigint don duine sin a chosaint no a fhreagra do dhéanamh no do thabhairt, agus féadfid aon aith-éisteacht no triail nua is riachtanach d'ordú, agus aon bhreith, aithne, no ordú den tsórt san d'ath-ghairm, d'atharú no do leasú, agus aon bhreith, aithne no ordú eile do thabhairt no do dhéanamh, maraon le haon fho-ordú no ordú iarmarta a bheidh riachtanach, fé mar éileoidh ceart an cháis.

(2) Na cirt agus na comhachta a tugtar leis an bhfo-alt sin roimhe seo i dtaobh aithne Dáil-Chúirte, is i dteanta agus ní hin ionad aon chirt no comhachta a tugtar le haon alt eile den Acht so atáid.

Slánaíocht do dhaoine a ghníomhuigh fé údarás Dáil-Chúirteanna.

27. —(1) Ní bunófar aon aicsean ná imeacht eile dlí, síbhialta ná coiriúil, in aon chúirt dlí ná chothruim i gcoinnibh—

(a) aon bhreithimh ná oifigigh d'aon Dáil-Chúirt i dtaobh ná i leith ná a los aon ghnímh, ruda ná ní a dhin sé go cuibhe agus é ag có-líona a dhualgais mar bhreitheamh no oifigeach den tsórt san; ná

(b) aon duine, pe'ca oifigeach de Dháil-Chúirt é no nárbh ea, i dtaobh ná i leith ná a los aon ghnímh, ruda ná ní a dhin sé no d'fhág sé gan déanamh fé údarás no do réir aon aithne le n-ar dineadh na Dáil-Chúirteanna do bhunú no do regealáil no fé údarás no do réir aon aithne Dáil-Chúirte no aon ordú no treorú breithimh d'aon chúirt den tsórt san; ná

(c) aon oifigigh d'aon chúirt nár Dháil-Chúirt i dtaobh ná i leith ná a los é do staona roimh rith an Achta so o aon ghníomh, rud no ní do dhéanamh go raibh sé de dhualgas air mar oifigeach den tsórt san é do dhéanamh agus gur staon sé o n-a dhéanamh bona fide toisc déanamh an ghnímh, an ruda no an ní sin do bheith contrárdha no coinbhliochtach no docharach d'aithne Dháil-Chúirte d'fheidhmiú.

(2) Má dineadh aon aicsean no imeacht eile dlí den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt sin roimhe seo do bhunú roimh rith an Achta so agus go bhfuil sé anois ar fionnraoi, cuirfar ar nea-mbrí agus ar neamh-ní é, fé réir pé ordú i daobh costaisí is oiriúnach leis an gcúirt ina bhfuil an t-aicsean no an t-imeacht san ar fionnraoi, no le breitheamh den chúirt sin, a dhéanamh.

Síne ar aimseara a teoruíodh le reacht.

28. —(1) Más agus nuair is rud é, mara mbeadh an t-alt so, gur ar aon dáta idir an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1918, agus an 16adh lá d'Abrán, 1922, a bheadh deire leis an aimsir a teoruíodh le haon reacht chun aon imeachta do bhunú i gcúirt dlí no chothruim, féadfidh an chúirt sin, más deimhin léi gur gá é chun ceart do shásamh, an aimsir sin do shíne go dtí aon dáta nách déanaí ná trí mhí tar éis rithte an Achta so.

(2) Ar choiníoll i gcomhnuí ná bhainfidh an t-alt so le haon chás in ar dineadh bona fide aon talamh d'aistriú no do chur fé árachas ar chomaoine luachmhair.

(3) Ní bhainfidh an t-alt so le haon teora aimsire is féidir do Ghiúistís Dúithche a shíne fé alt 6 den Acht um Ghiúistisí Dúithche (Forálacha Sealadacha), 1923 ( Uimh. 6 de 1923 ).

Gearr-Theideal

29. —Féadfar Acht Cúirteanna Dháil Éireann (Críochnú a nGnótha), 1923 , do ghairm den Acht so.