Ar Aghaidh (SCEIDEAL.)

19 1923

Uimhir 19.


ACHT UM MÉADÚ CÍOSA AGUS ÚIS MHORGÁISTE (COSCANNA), 1923.


ACHT CHUN LEASÚ AGUS BUANÚ DO DHÉANAMH AR CHOSCANNA ÁIRITHE I dTAOBH MÉADÚ CÍOSA AGUS ATH-GHABHÁIL SHEALBHUÍOCHTA ÁRUS I gCÁSANNA ÁIRITHE AGUS MÉADÚ RÁTA ÚIS URRÚSANNA NA nÁRUS SAN AGUS GLAOCH ISTEACH NA nURRÚSANNA SAN AGUS CHUN CRÍCHEANNA A BHAINEAS LEIS NA NITHE SIN. [22adh Meitheamh, 1923.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Chun an tAcht do léiriú

1. —Chun crícheanna an Achta so nuair ná héilíonn an cor théacs ní éigin eile:—

 (a) Cialluíonn an focal “riail-chíos” an cíos a so crófa ar an gcuma a foráltar ina dhiaidh seo anso agus, sa bhliain dar chríoch an tríú lá de Lúnasa naoi gcéad déag a ceathair déag, gur rud réasúnta do ghar-thiarna tighe do thionónta i seilbh tighe chomhnaithe súil do bheith aige leis fé aon mharga áirithe tionóntachta i gcóir téarma nár shia ná cúig bliana;

(b) Cialluíonn an focal “cíos méaduithe” cíos is mó ná an riail-chíos;

(c) Cialluíonn an focal “riail-ráta úis,” i gcás morgáiste a bhí i bhfeidhm an tríú lá de Lúnasa naoi gcéad déag a ceathair déag, an rata úis a bhí iníoctha ar an dáta san, no an t-ús-ráta bunaidh i gcás morgáiste a dineadh tar éis an dáta san;

(d) Cialluíonn an focal “ús-ráta méaduithe” ús is mó ná an riail-ráta úis:

Foluíonn an focal “rátaí” cíosanna agus éilithe uisce agus, aon mhéadú ar rátaí is iníoctha ag tiarna tighe, tuigfar é do bheith iníoctha aige go dtí an chéad uair eile a éileofar an ráta;

(f) Cialluíonn an focal “luach ionrátuithe” an luach ionrátuithe bliantúil fé sna hAchtanna Luachála Eireannacha: Ach i gcás gan luacháil fé leith fé sna hAchtanna san do bheith déanta ar chuid de thigh a bheadh curtha mar chomhnaí fé leith féadfaidh an Coimisinéir Luachála agus an Suirbhéir Teorann, ar a iarraidh sin don tiarna tighe no don tionónta, féadfa sé pé roinnt a dheabhróidh a bheith ceart do dhéanamh ar luach ionrátuithe an tighe iomláin, agus ní bheidh teacht aniar ná siar ar a bhreith i dtaobh an méid a bheidh le roinnt ar an gcuid den tigh agus áireófar an méid sin mar luach ionrátuithe don chuid den tigh chun crícheanna an Achta so ach ní thairis sin ná ar aon tslí eile;

(g) Foluíonn na focail “tiarna tighe,” “tionónta,” “morgáistidhe” agus “morgáisteoir” éinne ó am go ham 'na mbeidh teideal aige fén tiarna tighe, tionónta, morgáistidhe no morgáisteoir bunaidh;

(h) Nuair a bhaineann sé le haon tigh comhnaithe foluíonn an focal “tiarna tighe,” leis, éinne, seachas an tionónta, atá i dteideal chun seilbh an tighe chomhnaithe no a bheadh mara mbeadh an tAcht so, agus foluíonn na focail “tionónta agus tionóntacht” fo-thionónta agus fo-thionóntacht, agus foluíonn an focal “cur” fo-chur; agus foluíonn an focal “tionónta” baintreach mná a bheadh i ndiaidh tionónta d'éagfadh gan uacht do dhéanamh agus a bheadh in aontigheas leis le linn bháis do, agus i gcás tionónta d'fháil bháis gan uacht do dhéanamh agus gan baintreach a bheith ina dhiaidh no sa chás gur bean an tionónta san, foluíonn sé pé duine de theaghlach an tionónta a bhí in aontigheas leis an tionónta ar an gcuma roimh-ráite agus ar a socróidh an Chúirt de cheal réitigh;

(i) Foluíonn an focal “morgáiste” muirear tré aistriú cláruithe fén Acht Chlárathacht Áitiúil Teideal (Éirinn), 1891;

(j) Foluíonn na focail “toisc reachtúil” agus “dualgaisí no comhachtanna reachtúla” aon toisc, dualgaisí no comhachtanna a bheadh bunuithe, nasctha no á bhfeidhmiú fé aon ordú 'na mbeadh feidhm Achta Pháirliminte aige,

(k) Cialluionn an focal “orduithe” orduithe leis na rialacha a déanfar fén Acht so;

(l) Cialluíonn an focal “Údarás Sláintíochta” an ní a chialluíonn sé sna hAchtanna Sláinte Puiblí (Éirinn), 1878 go 1919, agus foluíonn sé Údarás Sláintíochta Baile agus Údarás Sláintíochta Tuatha.

Chun an riailchíos do shocrú.

2. —(1) Mar seo leanas isea socrófar an riail-chíos:—

(a) Má bhí an tigh comhnaithe curtha an tríú lá de Lúnasa naoi gcéad déag a ceathair déag chun tionónta sheilbhe fé mharga tionóntachta i gcóir téarma nár shia ná cúig bliana, isé rud is riail-chíos sa chás san ná an cíos ar ar cuireadh an tigh comhnaithe amhlaidh, no, i gcás gan an tigh do bheith curtha amhlaidh ar an dáta san, an cíos is déanaí ar ar cuireadh é amhlaidh laistigh de thréimhse trí mblian roimh an dáta san, ach baint as an gcíos san mar adeirtar sa chéad fho-alt eile ina dhiaidh seo.

(b) In aon chás ná tagann fé fhorálacha na míre deiridh sin, socróidh an Chúirt an riail-chíos ar a iarraidh sin don tiarna tighe no don tionónta ar an gcuma orduithe: Ach, go dtí go gcuirfar a leithéid sin d'iarratas fé bhráid na Cúirte, isé rud a bheidh ina riail-chíos ná an cíos ar a raibh an tigh comhnaithe curtha an tríú lá de Lúnasa, naoi gcéad déag a ceathair déag, no, i gcás gan an tigh do bheith curtha ar an dáta san, an cíos is déanaí ar ar cuireadh roimh an dáta san é, no, i gcás tighe chomhnaithe a céad-chuireadh tar éis an tríú lá san de Lúnasa, an cíos ar ar céad-chuireadh é, ach baint as an gcíos san mar adeirtar sa chéad fho-alt eile ina dhiaidh seo.

(2) Sa chás gur ghnáth leis an tiarna tighe, san aimsir dá dtagrófar chun an riail-chíos d'áireamh, na rátaí d'íoc no lascaine no cothromú do lomháil no an tionónta do shlánú ina n-aghaidh, sé sin, na rátaí a bhí, no a bheadh mara mbeadh forálacha aon Achta, ina muirear ar an sealbhóir, déanfar chun críche an áirimh sin, méid na rátaí sin do bhaint as aon chíos dá dtagrófar chun an t-áireamh san a dhéanamh.

(3) Chun an riail-chíos do shocrú fé fho-alt (1) den alt so isé rud a chialluíonn an cíos ar ar cuireadh tigh comhnaithe a cuireadh ar chéim-chíos atá iníoctha fé aon mharga tionóntachta ná an cíos maximum is iníoctha fén marga tionóntachta san.

(4) Más gá, chun riail-chíos no luach ionrátuithe aon tighe chomhnaithe le n-a mbaineann an tAcht so do shocrú, más gá roinnt do dhéanamh ar an gcíos a bhí air ar an dáta dá dtagrófar chun an riail-chíos do shocrú, no roinnt do dhéanamh ar luach ionrátuithe na maoine gur cuid di an tigh comhnaithe sin, féadfaidh an Chúirt, ar a iarraidh sin d'aon taobh sa chúis, pé roinnt a dhéanamh a dheabhróidh a bheith ceart.

(5) Déanfaidh tiarna aon tighe chomhnaithe le n-a mbaineann an tAcht so ráiteas i scríbhinn do thabhairt do thionónta an tighe chomhnaithe nuair a iarrfidh an tionónta le scríbhinn air é, ráiteas ina mbeidh aon eolas a bheidh ar seilbh no ar fáil ag an tiarna tighe agus a bheidh riachtanach chun go bhféadfidh an tionónta riail-chíos an tighe chomhnaithe do shocrú no an céanna d'fháil socruithe ag an gCúirt agus más rud é, gan leathscéal réasúnta, go dteipfidh ar an tiarna tighe san do dhéanamh laistigh de cheithre lá dhéag no go soláthróidh sé ráiteas a bheidh neamhfhírinneach in éinní táchtach agus ná taisbeánfar gur gan cionntacht agus gan intinn cheilge a dhin sé amhlaidh féadfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air ar a fháil cionntach ar an slí achmair.

Cad leis go mbainfidh an tAcht.

3. —(1) Gan dochar d'forálacha an ailt seo bainfidh an tAcht so le tigh no cuid de thigh atá curtha mar chomhnaí fé leith, i gcás méid bliantúil an riail-chíosa no an luach ionrátuithe do bheith gan dul:—

(a) thar trí fichid punt i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath agus sna Baile-Cheanntracha i líomatáiste Phóilíneacht Chathrach Bhailc Atha Cliath, agus

(b) thar dachad punt in áiteanna eile,

agus tuigfar gur tigh comhnaithe le n-a mbaineann an tAcht so gach tigh no cuid de thigh den tsórt san:

Ach—

(i.) ní bhainfidh an tAcht so le tigh comhnaithe atá curtha bona fide ar chíos a fholuíonn íocaíochta as bord, freastal, no úsáid troscáin, maran rud é gurb ionann agus trí ceathrúna den chíos, no gur mó ná san. an chuid den chíos san is ioncurtha i leith an tighe chomhnaithe amháin tar éis roinnt do dhéanamh fén alt so ar an gcíos san, agus sa chás san bainfidh an tAcht so leis an tigh comhnaithe no, más rogha leis an tiarna tighe é, bainfidh sé leis an tigh comhnaithe ar an gcuma 'na mbainfadh dá gcuirfí an tigh comhnaithe ar an gcuid sin den chíos is ioncurtha i leith an tighe chomhnaithe amháin;

(ii.) ní leor chun an tAcht so do chimeád gan baint le haon tigh áirithe no le haon chuid áirithe de thigh cuid den áitreabh do bheith á úsáid mar shiopa no mar oifig no chun crícheanna gnótha, céirde no gairme; agus

(iii.) chun crícheanna an Achta so, aon talamh no áitreabh atá ar cur ar cíos i dteannta tighe, áireofar é mar chuid den tigh más rud é go mbeadh luach ionrátuithe an tailimh no an áitribh dá gcuirfi ar cíos é ar leithligh ní ba lú ná ceathrú de luach ionrátuithe an tighe, ach, gan dochar don fhoráil seo, ní bhainfidh an tAcht so le tigh atá ar cur ar cíos i dteannta tailimh nách é ionad an tighe é.

(2) Chun crícheanna an Achta so áireofar mar chuid de thigh comhnaithe atá curtha mar chomhnaí fé leith aon tseomraí i dtigh comhnaithe a bheidh fé chur fé leith mar chomhnaí go hiomlán no go leathrannach.

(3) Sa chás go bhfuil tigh comhnaithe curtha ar chíos a fholuíonn íocaíochta as bord, freastal, no úsáid, troscáin, no go raibh sé curtha amhlaidh ar an dáta dá dtagrófar chun an riail-chíos do shocrú, féadfidh an Chúirt, chun aon chríche de chrícheanna an Achta so, pé roinnt do dhéanamh a dheabhróidh a bheith ceart.

(4) I gcás an tAcht so do dhul i mbaint le haon tigh comhnaithe no le haon mhorgáiste ar an dtigh sin, leanfa sé de bheith i mbaint leis an gcéanna pe'ca leanfidh an tigh comhnaithe de bheith ina thigh comhnaithe le n-a mbaineann an tAcht so ná ná leanfidh.

(5) Ní bhainfidh an tAcht so le tigh comhnaithe a dineadh, tar éis an dara lá d'Abrán, naoi gcéad déag a naoi déag, nó a bhí á dhéanamh ar an dáta san, ná le haon tigh comhnaithe ar ar dineadh ón dáta san, no ar a raibh á dhéanamh ar an dáta san, atharú bona fide chun é d'iompáil ina dhá lochta lóistín no ina dhá thionóntachán, no breis, ar leithligh agus iomlán ionta féin; ach déanfar amach luach ionrátuithe aon tighe chomhnaithe den tsórt san le n-a mbainfadh an tAcht so dá ndéanfí é no dá n-atharófí ar an gcuma san é roimh an dáta san, déanfar amach é fé is dámb'é cíos a bheadh air, chun crícheanna ailt a haondéag, den Acht Luachála (Éirinn), 1852, ná an cíos nár mhiste bheith ag brath air go bhféadfaí tigh comhnaithe dá shamhail do chur air ar an tríú lá de Lúnasa, naoi gcéad déag a ceathair déag, agus an méid is dócha do bheadh ina mheán-chostas bhliantúil i dtaobh deisiúcháin, árachais agus costaisí eile (dá mb'ann dóibh) ba ghá chun an tigh do chimeád ar an staid ina bhfuighfí é agus gach ráta, cáin agus muirear puiblí, dá mb'ann do (marar mhuirear cíosa dheachaidh é) dá n-íoc ag an tionónta.

(6) Ní bhainfidh an tAcht so le haon tigh comhnaithe do sholáthair Údarás Áitiúil fé Achtanna na nOibritheoirí (Éirinn), 1883 go 1919, no fé sna hAchtanna chun Tithe do Sholáthar don Lucht Oibre (Éirinn), 1890 go 1921.

(7) Gan dochar d'fhorálacha an Achta so, bainfidh an tAcht so le gach morgáiste i gcás an mhaoin-fé-mhorgáiste do bheith co-dhéanta de thigh no de thithe comhnaithe le n-a mbaineann an tAcht so no sa chás gur cuid den mhaoin sin tigh no tithe den tsórt san, no le haon ús ar an morgáiste sin, ach ní bhainfe sé:—

(a) le haon mhorgáiste ar thigh no ar thithe comhnaithe le n-a mbaineann an tAcht so agus ar thalamh eile más lú luach ionrátuithe na dtithe comhnaithe sin ná an deichiú cuid de luach ionrátuithe iomláine an tailimh fé mhorgáiste; ná

(b) le muirear cothrom a dineadh tré dhintiúirí teidil do chur i dtaisce no ar aon tslí eile; ná

(c) le haon mhorgáiste a déanfar tar éis rithte an Achta so.

(8) I gcás morgáiste do bheith ar thigh no tithe comhnaithe le n-a mbaineann an tAcht so agus ar thalamh eile agus luach ionrátuithe na dtithe comhnaithe sin do bheith níos mó ná an deichiú cuid de luach ionrátuithe iomláine an tailimh fé mhorgáiste, féadfidh an morgáistidhe colann an airgid a cuireadh in áirithe leis an morgáiste do roinnt ar na tithe comhnaithe sin agus ar an talamh eile sin tré fhógra mí chaileandair do thabhairt i scríbhinn don mhorgáisteoir agus mion-innste na roinnte sin ann, agus ar bheith caithte don bhfógra mí chaileandair sin ní bhainfidh an tAcht so leis an morgáiste sa mhéid go mbaineann sé leis an talamh eile sin agus chun gach críche, maraon le ceart fuascailte an mhorgáisteora, oibreoidh an morgáiste sin chó maith is dá mba morgáiste fé leith é i ngeall leis na coda fé seach de cholann an airgid sin a cuireadh in áirithe leis na tithe comhnaithe sin agus leis an talamh eile sin, fé seach, ar ar roinneadh na coda san:

Ach beidh teideal ag an morgáisteoir sara mbeidh an fógra mí chaileandair sin caithte, cur i gcoinnibh na méideanna do roinneadh mar adubhradh, agus mara réiteofar socróidh an Coimisinéir Luachála agus an Suirbhéir Teorann an scéal.

(9) Féadfar aon fhógra i dtaobh roinnt cholann an airgid a cuireadh in áirithe le morgáiste, má thagann agus nuair a thiocfidh an fógra i ngníomh fén Acht so, agus an mola a dhéanfidh aon mholtóir i dtaobh aon roinnte den tsórt san, féadfar iad do chlárú fé sna hachtacháin a bhaineann le clárú dintiúirí no teideal fé mar éileoidh an cás.

Coscanna le ceart chun seilbhe.

4. —(1) Ní déanfar ná ní tabharfar aon ordú ná breith chun seilbh aon tighe chomhnaithe le n-a mbaineann an tAcht so d'fháil thar n-ais, ná chun tionónta do chur amach as, maran rud é—

(a) nár íocadh aon chíos áirithe a bhí dlite go dleathach den tionónta, no gur briseadh no gur fágadh gan có-líona aon oblagáid eile a bhaineann leis an tionóntacht (pe'ca fé mharga tionóntachta é no fén Acht so) sa mhéid go dtagann an céanna le forálacha an Achta so;

(b) go raibh an tionónta, no duine éigin in aontigheas leis, no duine éigin dá lóistéirí no dá fho-thionóntaí, ciontach in iompar is cráiteas no is ciapa ar shealbhóirí teoranta, no go bhfuaradh cionntach é san áitreabh d'úsáid no i leigint an t-áitreabh d'úsáid chun críche mí-mhorálta no nea-dhleathaighe, no gur imigh cor an tighe chomhnaithe in olcas, do réir barúil na Cúirte, de dheascaibh gníomhartha diombaileachais, faillí no nea-shuime an tionónta no aon duine eile den tsórt san roimh-ráite; no

(c) gur thug an tionónta fógra go n-imeodh sé agus, de dheascaibh an fhógra san, gur dhin an tiarna tighe marga ar an tigh comhnaithe do dhíol no do chur no gur dhin sé éinní eile as a dtiocfadh dochar mór do, do réir barúil na Cúirte, dá mba ná féadfadh sé seilbh d'fháil; no

(d) go bhfuil an tigh comhnaithe ag teastubháil go réasúnta ón tiarna tighe mar chomhnaí dho féin, no d'éinne atá bona fide ina chomhnaí no chun bheith ina chomhnaí in aontigheas leis no do dhuine éigin atá ar fostú lánaimsire aige no ar fostú lán-aimsire ag tionónta éigin fé agus, mar gheall ar na nithe fé leith a bhaineann leis an gcás, gurb é barúil na Cúirte gur mhó de chruatan an t-ordú seilbhe d'oba ná é do dheona; no

(e) go bhfuil an tigh comhnaithe, ag teastubháil go réasúnta chun dualgaisí, comhachtanna no riachtanaisí aon Roinne Rialtais, no dualgaisí, comhachtanna no riachtanaisí reachtúla aon údaráis áitiúla no toisce reachtúla d'fheidhmiú;

agus in aon chás den tsórt san roimh-ráite, gur rud réasúnta, dar leis an gCúirt, a leithéid sin d'ordú do dhéanamh no a leithéid sin de bhreith do thabhairt:

Ach ní léireofar éinní dá bhfuil sa méid sin roimh-ráite chun dochair don cheart atá ag an tiarna tighe chun ordú no breith d'fháil i gcoinnibh tionónta chun seilbh aon tighe chomhnaithe d'fháil thar n-ais no chun an tionónta do chur amach as i gcás an tionónta san d'fho-chur an tighe chomhnaithe chun fothionónta ar aon tslí seachas mar áise shealadach, sé sin, fo-thionónta, no aon duine 'na mbeidh teideal aige fén bhfothionónta san, 'na mbeidh teideal chun seilbh do chimeád ar an tigh comhnaithe fén alt so in ainneoin an orduithe no na breithe sin i gcoinnibh an tionónta san.

(2) Ní dhéanfaidh ordú ná breith i gcoinnibh tionónta chun seilbh aon tighe chomhnaithe d'fháil thar n-ais no chun an tionónta do chur amach as fén alt so, ní dhéanfa siad difir do cheart aon fho-thionónta chun seilbh do chimeád fén alt so agus ní oibreoid in aon tslí i gcoinnibh aon fho-thionónta den tsórt san, sé sin, fo-thionónta 'nar dineadh an t-áitreabh no aon chuid de d'fho-chur chuige go dleathach sarar tosnuíodh ar imeachta chun seilbh d'fháil no chun cur a'seilbh do dhéanamh.

(3) Nuair a befar a d'iarraidh no ag déanamh no ag tabhairt aon ordú no breithe chun seilbh aon tighe chomhnaithe den tsórt san d'fháil thar n-ais no chun tionónta do chur amach as no i gcás aon ordú no breith den tsórt san a dineadh no a tugadh, pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin, agus nár feidhmíodh aon uair ina dhiaidh sin, féadfidh an Chúirt an t-iarratas do chur ar athló, no feitheamh no cur-ar-fionnraí do chur ar aon ordú no breith den tsórt san, no aon dáta chun seilbhe do chur ar athló, go ceann pé tréimhse no tréimhsí is oiriúnach leis an gCúirt, agus ar pé coiníollacha (má bhíonn ann) is oiriúnach leis an gCúirt i dtaobh an tionónta d'íoc riaráiste cíosa, no eadarshochair agus mar sin, agus má có-líontar na coiníollacha san féadfidh an Chúirt, más oiriúnach léi é, aon ordú no breith den tsórt san do chur ar neamh-ní no d'ath-ghairm.

(4) Ar éisteacht iarratais chun ordú no breith d'fháil chun seilbh aon tighe chomhnaithe den tsórt san d'fáil thar n-ais, má samhluítear don Chúirt go mbeadh an tiarna tighe i dteideal chun seilbh an tighe chomhnaithe sin d'fháil thar n-ais mara mbeadh an tAcht so, agus má diúltuítear don ordú no don breith sin do thabhairt toisc an tionónta do bheith i dteideal chun seilbh do chimeád ar an tigh comhnaithe sin de bhua forálacha an Achta so, déanfidh an Chúirt ordú adéarfidh go bhfuil deire le haon tionóntacht a bhí ag an tionónta ar aon tslí eile seachas de bhua forálacha an Achta so agus, ag déanamh aon ordú den tsórt san roimh-ráite dhi, féadfa sí ordú do dhéanamh i dtaobh an tionónta d'íoc aon riaráiste cíosa (pe'ca fén marga tionóntachta é no fén Acht so) a bheidh air ar dháta an orduithe, agus féadfa sí, ar a iarraidh sin d'aon taobh le linn éisteacht na cúise, réiteach do dhéanamh ar aon cheist a éireoidh, no ar aon cheist is dó leis an gCúirt is féidir a réiteach go saoráideach láithreach baill, fén Acht so.

(5) In ainneoin éinní in alt a cúig déag den Acht Údaráis Achmair (Éirinn), 1851, fanfidh gach barántas chun seilbh aon tighe chomhnaithe le n-a mbaineann an tAcht so do thabhairt suas, no chun dul isteach ann agus seilbh air do bhronna, fanfa sé i bhfeidhm go ceann trí mhí ón lá tar éis an lae dheiridh a ainmníodh sa bhreith no san ordú chun seilbh do thabhairt suas no chun cur-a-seilbh no, i gcás barántas fén Acht Údaráis Achmair (Éirinn), 1851, ó dháta an barántas do thabhairt amach agus, in aon chás díobh, go ceann pé tréimhse no tréimhsí sa bhreis, má bhíonn ann, a ordóidh an Chúirt o am go ham pe'ca roimh an trí mhí sin do bheith caithte é no ina dhiaidh sin.

(6) I gcás tiarna aon tighe chomhnaithe le n-a mbaineann an tAcht so do sheirbheáil fógra chun imeacht ar thionónta ní tuigfar gur dochar d'aon cheart chun seilbh an áitribh sin an tiarna tighe do ghlaca cíosa ar feadh tréimhse nách sia ná trí mhí o am an fhógra do bheith caithte agus, má dintar aon ordú chun seilbhe, áireofar mar eadar-shochar aon chíos a glacfar amhlaidh.

(7) Má gheibheann tiarna tighe ordú no breith chun seilbh no chun cur-a-seilbh fén alt so agus go gcuirfar ina luighe ar an gCúirt ina dhiaidh sin go bhfuaradh an t-ordú tré fhiara no tré cheilt ar dhátáin táchtacha, féadfidh an Chúirt a ordú don tiarna tighe go n-íocfa sé leis an tionónta a bhí sa tigh pé suim a fhéachfidh a bheith dóthanach mar chúiteamh i ndamáiste no i gcailliúint a thárla don tionónta de dheascaibh an orduithe no na breithe.

(8) Ní bhainfidh an t-alt so le haon tigh comhnaithe atá curtha chun tionónta ar feadh na haimsire a leanfa sé in aon oifig, post, no fostaíocht, no mar áise shealadach don tiarna no don tionónta no mar réiteach ar riachtanas sealadach a thárla d'éinne acu.

(9) Ní choiscfidh éinní san Acht so ar Údarás Áitiúil seilbh d'fháil ar aon tigh 'na dteastóidh a sheilbh uatha chun a gcomhachtanna d'fheidhmiú fé sna hAchtanna chun Tithe do Sholáthar no fé aon scéim a dineadh fé sna hAchtanna san.

Cose le gabháil earraí mar gheall ar chíos.

5. —Ní déanfar aon ghabháil earraí mar gheall ar chíos aon tighe chomhnaithe le n-a mbaineann an tAcht so ach amháin le cead na Cúirte agus beidh ag an gCúirt, i gcúrsaí aon iarratais ar an gcead san, na comhachtanna a bronntar no comhachtanna den tsórt a bronntar leis an Acht so i dtaobh cur-ar-athló, feitheamh, cur-ar-fionnraoi, cur-ar-cáirde agus nithe eile i gcúrsaí iarratáisí ar seilbh d'fháil thar n-ais.

Coiníollacha tionóntachta reachtúla.

6. —(1) Aon tionónta a dhéanfidh, de bhua forálacha an Achta so, seilbh do chimeád ar aon tigh comhaithe le n-a mbaineann an tAcht so, cólíonfa sé téarmaí agus coiníollacha uile an mhargaidh bhunaidh thionóntachta, agus beidh teideal aige chun a dtairfe, sa mhéid go mbeid do réir forálacha an Achta so agus faid a chimeádfa sé seilbh, agus ní bheidh teideal aige chun seilbh an tighe chomhnaithe do thabhairt suas ach ar thabhairt pé fógra a bheadh riachtanach fén marga bunaidh tionóntachta no, dá mba ná beadh aon fhógra riachtanach mar sin, ar thabhairt fógra trí mhí ar a luíod:

Ach, in ainneoin éinní sa mharga tionóntachta, ní bheidh ar thiarna tighe, chun feidhmiú do dhéanamh ar aon cheart fén Acht so ná ar aon cheart is infheidhmithe le linn no tar éis rithe an Achta so, fógra chun imeacht do thabhairt do thionónta a bheidh ag cimeád seilbhe de bhua forálacha an Achta so.

(2) Aon tionónta a bheidh ag cimeád seilbhe mar adubhradh thuas, ní iarrfa sé ná ní ghlacfa sé, mar choiníoll seilbh a thabhairt suas, íoc aon tsuime ná tabhairt aon chomaoine eile ó éinne ach an tiarna tighe agus éinne a dhéanfidh beart i gcoinnibh na forála so féadfar fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air ar a fháil cionntach ar an slí achmair, agus an Chúirt a fuair cionntach é féadfa sí a ordú go n-íocfar aon íocaíocht den tsórt san no luach aon chomaoine den tsórt san leis an té d'íoc no do thug uaidh an céanna, ach beidh aon ordú den tsórt san in ionad aon tslí eile a orduítear leis an Acht so chun a leithéid d'fháil thar n-ais.

(3) I gcás deire do chur le seilbh tionónta tighe chomhnaithe le n-a mbaineann an tAcht so pe'ca de bharr ordú no breithe chun seilbhe no chun cur-a-seilbh é no de bhárr aon chúise eile, tuigfar, i dtaobh aon fho-thionónta 'nar fo-chuireadh chuige go dleathach an t-áitreabh no aon chuid de, tuigfar, gan dochar d'fhorálacha an Achta so, tionónta don tiarna tighe do dhéanamh de ar na tearmaí céanna ar a mbeadh seilbh aige ón tionónta dá leanadh an tionóntacht ach go mbeidh sé ina thionónta a bheidh ag cimeád seilbhe de bhua forálacha an Achta so.

(4) Tuigfar gur coiníoll ar thionóntacht aon tionónta a bheidh ag cimeád seilbhe, de bhua forálacha an Achta so, ar aon tigh comhnaithe le n-a mbaineann an tAcht so—

(a) an tionónta do leigint an tiarna tighe isteach ann chun féachaint ar chor agus ar bhail an tighe chomhnaithe agus do thabhairt gach cothruim réasúnta ar aon deisiúchán do dhéanamh air 'na bhfuil teideal ag an tiarna tighe é do dhéanamh air;

(b) gan an tionónta do shanna an tighe chomhnaithe ná aon choda dhe gan cead an tiarna tighe i scríbhinn;

(c) an tiarna tighe do bheith freagarthach i dtaobh aon deisiúcháin ná fuil aon fhiachas ar an tionónta ina thaobh pe'ca fiachas atá ráite é no fiachas a tuigtarfé alt a dó is dachad den Acht chun an Dlí idir Thiarna agus Tionónta do Leasú (Éirinn), 1860.

Chun a shocrú cadé an cíos a focfidh tionónta.

7. —(1) Mar seo leanas isea socrófar cadé an cíos a íocfidh an tionónta a bheidh ag cimeád seilbhe, de bhua forálacha an Achta so, ar aon tigh comhnaithe le na mbaineann an tAcht so:—

(a) Féadfidh an tiarna tighe agus an tionónta a shocrú aon uair, agus ó am go ham, le réiteach (dá ngairmtear réiteach sealadach san alt so), cadé an cíos a íocfidh an tionónta fén Acht so as an dtigh comhnaithe sin agus, sa chás san, go dtí go ndéanfar an cíos a socrófar amhlaidh d'athrú le réiteach sealadach nua, no le fógra fén alt so, isé an cíos socruithe sin an cíos a bheidh len' íoc agus a leanfidh de bheith len' íoc ag an tionónta as an tigh comhnaithe sin: Ach an cíos a socrófar le réiteach sealadach ní bheidh in aon chás aon bhreis aige ar an riail-chíos thar mar is ceaduithe do réir an Achta so ar dháta an réitigh sin i dtaobh an tighe chomhnaithe sin;

(b) an cíos is iníoctha ag an tionónta, pe'ca fé réiteach sealadach é no ar aon tslí eile, má bhíonn sé aon uair gan bheith os cionn an riail-chíosa no go mbeidh breis aige ar an riail-chíos fé bhun an méid is ceaduithe de thurus na huaire do réir an Achta so, féadfidh an tiarna tighe fógra do sheirbheáil ar an tionónta, ag méadú an chíosa san go dtí méid ná beidh breis aige ar an riailchíos thar mar is ceaduithe do réir an Achta so agus, sa chás san, go dtí go ndéanfar an cíos méaduithe sin d'athrú le réiteach sealadach ina dhiaidh sin no le fógra ina dhiaidh sin fén alt so, isé an cíos méaduithe sin an cíos a bheidh len' íoc agus a leanfidh de bheith len' íoc ag an tionónta as an tigh comhnaithe sin;

(c) an cíos is iníoctha ag an tionónta, pe'ca fé réiteach sealadach é no ar aon tslí eile, má bhíonn breis aige aon uair ar an riail-chíos thar mar is ceaduithe do réir an Achta so, féadfidh an tionónta fógra do sheirbheáil ar an tiarna tighe, ag luíodú an chíosa san go dtí méid ná beidh aon bhreis aige ar an riail-chíos ach mar is ceaduithe do réir an Achta so agus, sa chás san, go dtí go ndéanfar an cíos luíoduithe sin d'atharú, le réiteach sealadach ina dhiaidh sin no le fógra ina dhiaidh sin fén alt so, isé an cíos luíoduithe sin an cíos a bheidh len' íoc agus a leanfidh de bheith len' íoc ag an tionónta as an tigh comhnaithe sin;

(d) i gcás an cíos is iníoctha ag an tionónta san do bheith gan socrú fé aon cheann de sna míreanna san roimhe seo den bhfo-alt so, isé cíos a bheidh len' íoc agus a leanfidh de bheith len' íoc as an tigh comhnaithe sin ná, gan dochar d'fhorálacha an ailt seo, an cíos a bhí iníoctha ag an tionónta as an tigh comhnathe sin díreach roimh thosach feidhme an Achta so no, má bhí seilbh ag an tionónta san, tar éis tosach feidhme an Achta so, fé aon léas, réiteach no marga tionóntachta eile, an cíos deiridh a bhí iníoctha aige fé aon léas, réiteach no marga tionóntachta eile den tsórt san.

(2) Gach fógra a seirbheálfar fén alt so beidh sé sa bhfuirm chóir atá sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, no i bhfuirm sa chéill chéanna do réir substainte, ach ní raghaidh aon fhógra den tsórt san in éifeacht go ceann seachtaine iomláine tar éis dáta na seirbheála ná i gcóir aon tréimhse roimhe sin, agus má bhíonn fógra le seirbheáil ag an tiarna tighe féadfidh an tiarna tighe é do sheirbheáil ar thionónta i rith a thionóntachta-san más rud é, ar an dáta a bheidh luaidhte mar dháta éifeachta don bhfógra san, go mbeadh teideal chun seilbhe ag an tiarna tighe mara mbeadh an tAcht so.

(3) Má bhíonn i bhfógra a seirbheálfar fé mhír (b) d'fho-alt (1) den alt so aon ráiteas no aithris atá neamh-fhírinneach no do chuirfadh duine amú i dtaobh éinní tháchtaigh féadfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur ar an tiarna tighe ar é d'fháil cionntach sa tslí achmair mara dtaisbeánfa sé gur gan cionntacht agus gan intinn chun ceilge do cuireadh síos an ráiteas.

Méaduithe cíosa atá ceaduithe.

8. —(1) Seo mar leanas an bhreis is ceaduithe a bheith ag an gcíos méaduithe ar an riail-chíos, gan dochar d'fhorálacha an Achta so, i gcás tighe chomhnaithe le n-a mbaineann an t-Acht so, sé sin le rá:—

(a) I gcás an tiarna tighe do dhul fé chostas tar éis an ceathrú lá de Lúnasa, naoi gcéad déag a ceathair déag, no ina dhiaidh seo, ag feabhasú an tighe chomhnaithe no ag atharú chreatlach an tighe chomhnaithe (costas nách costas maisiúcháin no deisiúcháin), breis a áireofar do réir ráta per annum ná raghaidh thar sé per cent. den méid a caitheadh amhlaidh, no ná raghaidh thar ocht per cent. de más tar éis an dara lá d'Iúl, naoi gcéad déag a fiche, a chuaidh sé fén gcostas san:

Ach féadfidh an tionónta ordú d'iarraidh ar an gCúirt chun an méadú san do nea-lomháil no do luíodú toisc an costas san no cuid de do bheith nea-riachtanach, agus féadfidh an Chúirt ordú do dhéanamh dá réir sin;

(b) Breis ná raghaidh thar an méid a bheidh iníoctha ag an tiarna tighe de thurus na huaire mar gheall ar na rátaí atá ionchurtha mar mhuirear ar an sealbhóir no a bheadh mar sin mara mbeadh forálacha Achta éigin;

(c) I dteanta aon bhreiseanna den tsórt san roimh-ráite—

(i) i gcás an tiarna tighe do bheith freagarthach in iomlán an deisiúcháin agus é do bheith tar éis suim nách lú san iomlán ná leath an riail-chíosa do chaitheamh ón tríú lá de Lúnasa, naoi gcéad déag a ceathair déag, breis ná raghaidh thar deich-per cent. den riail-chíos; no

(ii) i gcás an tiarna tighe do bheith freagarthach i gcuid den deisiúchán, agus ní san iomlán, agus é do bheith tar éis deisiúchán do dhéanamh amhlaidh ón tríú lá de Lúnasa, naoi gcéad déag a ceathair déag, pé breis, fé n-a bhun san, ar a réiteofar, no a shocróidh an Chúirt a bheith cothrom agus réasúnta agus an fiachas san d'áireamh, sé sin, ar a iarraidh sin uirri don tiarna tighe no don tionónta:

Ach go dtí go ndéanfar an réiteach no an t-iarratas san isí breis a bheidh ann ná breis ná raghaidh thar cúig per cent. den riail-chíos; agus

(iii) i dteanta aon bhreise fén mír seo no fén mír sin roimhe seo, i gcás an tiarna tighe do chaitheamh suim is mó ná trian an riail-chíosa sa bhliain naoi gcéad déag a dó fichead, no suim is mó ná dhá dtrian an riail-chíosa i dtréimhse an dá bhlian 1923 agus 1924, ag cur treo réasunta maith ar an tigh comhnaithe, breis ná raghaidh thar cúig déag per cent. den bhreis costais sin no de sna breiseanna costais sin;

(d) mar bhreis eile le haon bhreiseanna den tsórt san roimhráite, breis ná raghaidh thar deich per centum den riail-chíos:

(2) Aon uair no uaireanna tar éis dáta aon mhéadú a ceaduítear le mír (c) den bhfo-alt deiridh sin féadfidh an tionónta no an t-údarás sláintíochta ordú d'iarraidh ar an gCúirt chun an méadú san, agus aon mhéadú fé mhír (d) den bhfo-alt san, do chur ar fionnraoi ar an abhar ná fuil caoi réasúnta maith ar an tigh ar gach slí.

Más deimhin leis an gCúirt, de bhárr deimhniú ón údarás sláintíochta do thabhairt ina láthair no aon fhianaise eile is leor dar leis an gCúirt, más deimhin léí gur fíor aon abhar den tsórt san roimh-ráite, agus fós más deimhin léi nách faillí ná teip ná brise réitigh ar thaobh an tionónta fé ndeár cor an tighe, ordóidh sí an méadú san do chur ar fionnraoi go dtí gur deimhin léi go bhfuil an deisiúchán is gá déanta (deisiúchán seachas aon deisiúchán, má bhíonn ann, ina mbeadh an tionónta freagarthach), agus ar dhéanamh an orduithe sin beidh an méadú san gan éifeacht go dtí gur deimhin leis an gCúirt go bhfuil an deisiúchán san déanta.

(3) Chun crícheanna an Achta so áireofar mar atharú ar an gcíos aon aistriú a déanfar chun an tionónta ar aon ualach no fiachas a bhí go dtí san ar an tiarna tighe agus de dheascaibh an aistrithe sin, má bhíonn téarmaí seilbhe tighe chomhnaithe, thríd is thríd, gan bheith chó fabhrúil don tionónta leis na téarmaí a bhí ann roimhe sin, tuigfar an cíos do bheith méaduithe, pe'ca méaduíodh no nár méaduíodh an tsuim a bhí iníoctha mar chíos ó am go ham, agus tuigfar nách méadú cíosa chun crícheanna an Achta so aon mhéadú cíosa a thiocfidh as aon aistriú chun tiarna tighe do dhéanamh ar aon ualach no fiachas a bhí go dtí san ar an tionónta, sé sin, i gcás, de bharr an aistrithe sin, téarmaí seilbhe aon tighe chomhnaithe do bheith thríd is thríd chó fabhrúil ar a luíod don tionónta leis na téarmaí a bhí ann roimhe sin: Ach, chun crícheanna an ailt seo, ní tuigfar an cíos do bheith méaduithe sa chás in ar dineadh fiachas rátaí d'aistriú ón tiarna tighe chun an tionónta, sé sin, má dineadh a chothrom san de luíodú ar an gcíos.

(4) Ar iarraidh deimhniú no tuairisce ar údarás sláintíochta fén alt so beidh táille coróinneach len' íoc ach má dhineann an t-údarás, de bhárr an iarratais sin, deimhniú den tsórt san roimhráite do thabhairt amach, beidh an tionónta i dteideal an táille do bhaint as aon chíos a íocfa sé ina dhiaidh sin.

(5) Chun crícheanna an ailt seo, cialluíonn an focal “deisiúchán” aon deisiúchán is gá chun áitreabh do chimeád i dtreo mhaith thionóntachta, agus aon áitreabh a bheidh ar an staid sin tuigfar treo réasúnta maith do bheith air, agus tuigfar an tiarna tighe do bheith freagarthach in aon deisiúchán ná fuil aon fhiachas ar an tionónta ina thaobh, pe'ca fiachas atá ráite é no fiachas a tuigtar fé alt a dó is dachad den Acht chun an Dlí idir Thiarna agus Tionónta do Leasú (Éirinn), 1860.

(6) I gcás aon tigh comhnaithe le n-a mbaineann an tAcht so do bheith gan treo réasúnta maith air tré chionnta an tiarna tighe, féadfidh an Chúirt a ordú don tiarna tighe pé cúiteamh atá ceart dar leis an gCúirt d'íoc leis an tionónta, ach gan é do dhul thar méid is ionann agus méid an riail-chíosa bhliantúla, ach—

(a) ní dhéanfidh ceart an tionónta chun faoiseamh d'fháil fén bhfo-alt so dochar dá cheart chun faoiseamh do lorg le haon tsórt eile imeachta;

(b) má dhineann an tiarna tighe, le linn aon ordú do bheith á iarraidh no á dhéanamh fén bhfo-alt so, a thógaint air féin treo réasúnta maith do chur air an tigh comhnaithe, féadfidh an Chúirt an t-iarratas do chur ar athló, no feitheamh do chur ar fheidhmiú aon ordú den tsórt san no an feidhmiú do chur ar fionnraoi agus má có-líontar an gheallúint sin féadfidh an Chúirt an t-ordú san do chur ar neamh-ní;

(c) aon tsuim a molfar do thionónta mar chúiteamh fén bhfo-alt so caithfar í le deisiúchán oiriúnach ar an tigh comhnaithe, agus aon ordú le n-a molfar cúiteamh féadfar é do chur fé aon choiníollacha is dó leis an gCúirt is ceart a leaga amach chun deimhin do dhéanamh de go ndéanfar an caitheamh san roimh-ráite.

Coscanna le glaoch isteach morgáistí.

9. —Ní bheidh sé dleathach d'aon mhorgáistidhe fé aon mhorgáiste le n-a mbaineann an tAcht so—

(a) faid a bheidh ús á íoc do réir an ráta a ceaduitear fén Acht so agus ná beidh sé thar lá is fiche i riaráiste; agus

(b) faid a bheidh na cumhnantaí a dhin an morgáisteoir (lasmuich den chumhnant i dtaobh aisíoc cholann an airgid a cuireadh in áirithe) á gcó-líona agus á gcimeád; agus

(c) faid a chimeádfidh an morgáisteoir treo cheart ar an maoin agus a íocfa sé an t-ús agus gach tráth-chuid den cholann airgid is féidir a fháil thar n-ais mar gheall ar aon roimh-mhuirear,

a mhorgáiste do ghlaoch isteach ná éinní do dhéanamh chun aon cheart roimh-chlabhsúir ná díolacháin d'fheidhmiú ná chun a urrús do chur i bhfeidhm ná chun colann an airgid a cuireadh in áirithe leis an urrús san d'fháil thar n-ais ar aon tslí eile:

Ach—

(i) ní bhainfidh an fhoráil seo le morgáiste i gcás colann an airgid a cuireadh in áirithe leis do bheith len'aisíoc ina thráth-choda ó am go ham ar feadh téarma nách lú ná deich mbliana tar éis bunú an mhorgáiste, ná le haon chás ina dtoilíonn an morgáisteoir chun an morgáistidhe d'fheidhmiú na gcomhacht a bronnadh leis an morgáiste, ná ní dhéanfidh an fhoráil seo aon difir d'aon chomhacht díolacháin is infheidhmithe ag morgáistidhe a bhí, ar an gcúigiú lá fichead de Mhárta, naoi gcéad déag a fiche, ina mhorgáistidhe i seilbh; agus

(ii) más rud é, i gcás morgáiste ar mhaoin fé léas, go gcuirfidh an morgáistidhe ina luighe ar an gCúirt go bhfuil luíodú nách beag ag dul ar luach a urrúis no go bhfuil a urrús i gcúntabhairt ar aon tslí eile agus, dá bhrí sin, gur rud réasúnta an morgáiste do ghlaoch isteach agus do chur i bhfeidhm, féadfidh an Chúirt, le hordú, údarás do thabhairt do chun an céanna do ghlaoch isteach agus do chur i bhfeidhm, agus ansan ní bhainfidh an t-alt so leis an morgáiste sin .; ach féadfar aon ordú den tsórt san do chur fé choiníoll ná ragha sé in éifeacht má dhineann an morgáisteoir, laistigh de pé aimsir a ordóidh an Chúirt, íocaíocht leis an morgáistidhe i pé cuid de cholann an airgid a cuireadh in áirithe a samhlófar don Chúirt do bheith ar co-réir le luíodú an urrúis.

Breis is ceaduithe a chur le hús morgáiste.

10. —Isí breis thar an riail-ráta is ceaduithe a chur leis an ús-ráta méaduithe is iníoctha ar mhorgáiste le n-a mbaineann an tAcht so ná breis nách mó ná aon per cent. per annum:

Ach ní méadófar an ráta i dtreo go mbeadh sé thar sé go leith per cent. per annum.

An tréimhse gur ceaduithe cíos do mhéadú le n-a linn.

11. —Ní measfar éinní san Acht so do bheith ag údarú aon mhéadú cíosa ach amháin i gcóir tréimhse 'na mbeadh teideal ag an tiarna tighe le n-a linn chun seilbh d'fháil mara mbeadh an t Acht so, ná ag údarú aon mhéadú ar ráta an úis ar mhorgáiste ach amháin i gcóir tréimhse 'na bhféadfí an t-urrús do chur i bhfeidhm le n-a linn mara mbeadh an tAcht so.

Cosc le méadú cíosa agus úis mhorgáiste.

12. —Gan dochar d'fhorálacha an Achta so, má bhíonn breis ag cíos méaduithe no ag ús-ráta méaduithe ar an riail-chíos no ar an riail-ráta úis thar mar is ceaduithe fén Acht so, ní féadfar méid na breise nea-cheaduithe d'fháil ón tionónta nó ón morgáisteoir, pe'ca aca san é, bíodh gur dineadh réiteach ina choinnibh sin.

Cosc le prémia.

13. —(1) Ní éileoidh duine, mar choiníoll le tionóntacht no fo-thionóntacht aon tighe chomhnaithe le n-a mbaineann an t-Acht so do dheona, d'athnuachaint no do bhuanú, aon fhíneáil, prémium ná suim eile den tsórt san d'íoc, ná aon chomaoine airgid do thabhairt, i dteanta an chíosa, agus, i gcás aon íocaíocht no comaoine do dhéanamh no do thabhairt mar gheall ar aon tigh comhnaithe do réir réitigh a dineadh tar éis an cúigiú lá fichead de Mhárta naoi gcéad déag a fiche, féadfidh an té d'íoc no a thug é a mhéid no a luach d'fháil thar n-ais:

Ach má dhineann éinne a gheobhaidh thar n-ais aon tsuim go ndineann an fo-alt so so-fhálta thar n-ais í, má dhineann sé a chuid de thairfe na tionóntachta do shanna no do thabhairt uaidh ar chomaoine luachmhair, déanfa sé an tsuim a fuair sé thar n-ais do chimeád ar iontaoibh i gcóir pé duine is dó leis an gCúirt a bheith i dteideal chuige le ceart.

(2) Einne a éileoidh aon íocaíocht no tabhairt aon chomaoine contrárdha don alt so féadfar fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air ar a fháil cionntach ar an slí achmair, agus an chúirt a gheobhaidh ciontach é féadfa sí a ordú an méid a íocadh no luach na comaoine d'aisíoc leis an té d'íoc an céanna no do thug uaidh é, ach beidh an t-ordú san in ionad aon tslí eile a orduítear leis an Acht so chun a leithéid d'fháil thar n-ais.

(3) Einne a dhéanfidh aon íocaíocht no a thairgfidh aon íocaíocht do dhéanamh no a thabharfidh aon chomaoine no a thairgfidh aon chomaoine do thabhairt nó a fhógróidh no a fhoillseoidh aon tairsgint den tsórt san, sé sin, íocaíocht no comaoine 'na mbeadh sé contrárdha don alt so é d'éileamh, féadfar fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air ar a fháil cionntach ar an slí achmair, agus íocfar leath na fíneála san leis an ngearánaí: Ach ní bunófar aon imeachta fén bhfo-alt so i gcoinnibh éinne 'na mbeidh imeachta bunuithe cheana féin aige fé fho-alt a haon no a dó den alt so no 'na mbeidh aon eolas tabhartha uaidh aige chun aon imeachta do bhunú fé fho-alt a dó den alt so.

(4) Aon deona, athnuachaint no buanú tionóntachta, gur mar choiníoll leis a dineadh no a tugadh aon íocaíocht no comaoine den tsórt san roimh-ráite, féadfar é do chur ar nea-mbrí, gan dochar d'oibriú an ailt seo, más rogha san le haon taobh a bhí páirteach ann, agus fós gan dochar do cheart an tionónta, má bhíonn seilbh tógtha aige, chun seilbh do choinneáil de bhua forálacha an Achta so tar éis an rogha san a bheith déanta.

(5) Ní bhainfidh an t-alt so le deona, athnuachaint ná buanú ar feadh téarma cheithre mblian ndéag no níos mó ar aon tionóntacht ná le deona, athnuachaint ná buanú ar feadh téarma chúig mblian no níos mó ar tionóntacht i gcás gan an cíos per annum, maraon le suim is ionann agus an luach bliana glan (agus é d'áireamh do réir táibhlí an sé per cent.,) co-ionann le méid na híocaíochta no na comaoine sin, do bheith níos aoirde os cionn an riail-chíosa ná mar a ceaduítear leis an Acht so.

Comhachta speisialta chun airgid do sholáthar i gcóir deisiúcháin

14. —(1) Nuair is gá do thiarna aon tighe chomhnaithe le n-a mbaineann an tAcht so suim airgid is mó ná dhá dtrian an riailchíosa bhliana do sholáthar chun aon deisiúchán ina bhfuil sé freagarthach do dhéanamh agus nuair a chríocnóidh sé dintiúir muirir sa tsuim sin sa bhfuirm orduithe, beidh an dintiúir muirir sin éifeachtúil chun aisíoc na suime roimh-íoctha agus aisíoc úis do réir ráta nách mó ná sé go leith per cent. per annum, sé sin aisíoc ar an gcuma a forálfar sa dintiúir, do leaga ar thairfe an tiarna tighe agus aon tiarna tighe os a chionn a bheidh páirteach sa mhuirear, sé sin, mar phríomh-mhuirear 'na mbeidh tosach aige ar gach muirear agus ualach dá bhfuil air.

(2) Forálfar sa dintiúir muirir sin roimh-ráite an tsuim roimhíoctha d'aisíoc ina tráth-choda in aghaidh na bliana, na leathbhliana no na ráithe ar feadh tréimhse nách sia ná sé bliana.

(3) An tsuim a cuirfar in áirithe le haon dintiúir muirir den tsórt san roimh-ráite, ní ragha sé, gan cead na Cúirte, thar suim is ionann agus dhá oiread an riail-chíosa bhliana, agus féadfar cead na Cúirte do thabhairt ar pé tearmaí agus coiníollacha is oiriúnach leis an gCúirt a leaga amach chun leas gach éinne le n-a mbaineann do chosaint.

(4) Ordófar pé forálacha is gá no is oiriúnach chun deimhin do dhéanamh de go gcaithfar sa cheart an tsuim a cuirfar in áirithe le haon dintiúir muirir den tsórt san roimh-ráite agus, chun fianaise dho-chlaoite no prima facie, maidir le haon cheist i dtaobh caithteachais, do dhéanamh de dheimhniú an ailtire no an chonnarthóra, agus chun an muirear do chlárú ar chláir fé leith a cimeádfar ina chóir sin in Oifig Chlárathacht na nDintiuirí agus in Oifig Chlárathacht na Talmhan fé seach agus i gcóir nithe ar bith eile gur cheart forálacha do dhéanamh ina gcóir.

(5) Bainfidh forálacha an fho-ailt seo le dintiúir muirir a bhaineann le haon mhéid tithe comhnaithe le n-a mbaineann an tAcht so agus ar a bhfuil deisiúchán le déanamh fé aon chonnra amháin, bainfid leis fé mar a bhainfadh dá mba riail-chíos bliana aon tighe chomhnaithe amhain iomlán riail-chíosanna bliana na dtithe go léir le n-a mbaineann an dintiúir sin agus, in éamais cruthúnais ar chalaois no ar mhí-chogar, beidh deimhniú an ailtire no an chonnarthóra in' fhianaise dho-chlaoite idir an tiarna tighe agus na tionóntaí ar an méid den chaitheachas iomlán a bheidh le roinnt ar gach tigh comhnaithe.

Chun suimeanna d'fháil a dineadh do fhálta, & c.

15. —(1) I gcás aon tsuime a íocadh mar gheall ar aon chíos no ús morgáiste, pe'ca roimh rith an Achta so é nó dá éis, eadhon, suim 'na bhfuil an tiarna tighe no an morgáistidhe, de bhua an Achta so, gan fáil acu uirri, féadfidh an tionónta no an mort gáisteoir d'íoc í an tsuim a íocadh amhlaidh d'fháil thar n-ais ón tiarna tighe no ón morgáistidhe a fuair an íocaíocht no ó n-a ionadaí pearsanta dleathach, agus aon tsuim den tsórt san, agus aon tsuim eile is féidir do thionónta a fháil ó thiarna tighe fén Acht so no is iníoctha no ionaisíoctha ag tiarna tighe le tionónta fén Acht so, féadfidh an tionónta no an morgáisteoir, gan dochar d'aon tslí eile chun iad d'fháil, iad do bhaint as aon chíos no ús is iníoctha aige leis an tiarna tighe no leis an morgáistidhe.

(2) Más rud é—

(a) go ndéanfidh aon duine in aon leabhar cíosa no in aon scríbhinn dá shórt iontráil a thaisbeánfidh no a bheidh in ainm bheith á thaisbeáint go bhfuil aon tionónta i riaráiste i dtaobh aon tsuime atá, de bhua an Achta so, gan bheith le fáil; no

(b) i gcás in ar dhin aon tiarna tighe, no in ar dineadh thar a cheann, aon iontráil den tsórt san roimh rith an Achta so, go ndiúltóidh an tiarna tighe d'fhéachaint chuige no go leigfe sé dhe gan féachaint chuige go scriosfar amach an iontráil sin laistigh de sheacht lá ar a iarraidh sin air don tionónta no thar ceann an tionónta,

féadfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint dochur ar an duine sin no ar an tiarna tighe sin ar a fháil cionntach ar an slí achmair mara gcruthóidh sé gur gan cionntacht agus gan intinn chun ceilge a dhin sé amhlaidh.

Fiachas rátaí tithe gan sealbhóirí.

16. —I gcás tigh comhnaithe le n-a mbaineann an tAcht so do bheith folamh no gan sealbhóir tuigfar gurb é tiarna an tighe chomhnaithe sin an duine atá i seilbh ionrátuithe an tighe chomhnaithe sin chun crícheanna aon achtacháin a údaruíonn aon ráta do ghearra ar shealbhóir don tigh sin no do thógaint no d'fháil uaidh.

Bainfidh an tAcht le háitribh ghnótha.

17. —(1) Bainfidh an tAcht so le haon áitreabh a úsáidtear chun crícheanna gnótha, céirde no gairme no chun na seirbhíse puiblí fé mar a bhaineann sé le tigh comhnaithe, agus fé mar a bheadh tagartha do “tigh comhnaithe” “tigh” agus “comhnaí” ag folú tagartha d'aon áitreabh den tsórt san, ach is fé sna hatharuithe seo leanas a bheidh éifeacht ag an Acht so nuair a bhainfe sé le haithribh den tsórt san:—

(a) Cuirfar an mhír seo leanas in ionad mír (d) d'fho-alt

(1) d'alt a hocht:—

(d) Mar bhreis le haon bhreiseanna den tsórt san roimh-ráite, breis ná raghaidh thar cúig is fiche per centum den riail-chíos.

(b) Cuirfar an mhír seo leanas in ionad mír (d) d'fho-alt

(1) d'alt a ceathair:—

(d) go bhfuil an t-áitreabh ag teastubháil go réasunta ón tiarna tighe chun crícheanna gnótha céirde no gairme no chun na seirbhíse puibli, agus gur deimhin leis an gCúirt go bhfuil áit eile le fáil atá in ionannas réasúnta leis chó fada is bhaineann le cíos agus le hoiriúnaíocht ar gach slí; no go bhfuil an t-áitreabh ag teastubháil bona fide chun críche scéime ath-dhéanta no feabhsúcháin is dó leis an gCúirt a bheith ar mhaithe leis an bpoiblíocht.

(2) Ní raghaidh baint an Achta so le haon áitreabh den tsórt san roimh-ráite chó fada le cur ar cíos no tionóntacht ar aon mharga no aonach ina bhfuil an cíos no na coiníollacha tionóntachta fé smacht no fé rialú ag aon reacht no cairt no dá réir, ná chó fada le cur ar cíos no tionóntacht ó bhliain go bliain no ar feadh téarma de bhlianta.

(3) Má dineadh no má tugadh, roimh rith an Achta so, agus nár cuireadh i bhfeidhm, aon ordú no breith chun seilbh d'fháil thar n-ais ar aon áitreabh le n-a mbaineann an t-Acht so de bhua an ailt seo, no chun tionónta do chur amach as, agus másé tuairim na Cúirte ná déanfí no ná tabharfí an t-ordú no an bhreith dá mbeadh an tAcht so i bhfeidhm nuair a dineadh no a tugadh an t-ordú no an bhreith sin, féadfidh an Chúirt, ar a iarraidh sin don tionónta, an t-ordú no an bhreith sin d'ath-ghairm no d'athrú ar pé slí is oiriúnach leis an gCúirt chun an tAcht so do chur in éifeacht.

(4) Tiocfidh an t-alt so i ngníomh ar bheith rithte don Acht so.

Údarás cúirteanna contae agus dúithche.

18. —(1) Beidh údarás ag Cúirt Chontae chun deighleáil le haon éileamh no imeachta eile a eireoidh as an Acht so no as aon cheann dá fhorálacha, bíodh is ná beadh an cás laistigh d'údarás Cúirte Contae, mar gheall ar mhéid an éilimh no mar gheall ar éinní eile, mara mbeadh an fhoráil seo, agus, má bhunuíonn duine imeachta fén Acht so san Ard-Chúirt agus go bhféadfadh sé iad do bhunú sa Chúirt Chontae, ní bheidh teideal aige chun aon chostaisí d'fháil mara n-ordóidh an Chúirt a mhalairt mar gheall ar aon chúis fé leith.

(2)

(a)     Beidh údarás ag Cúirt Dúithche chun deighleáil le haon éileamh no imeachta eile a éireoidh fén Acht so no fé aon cheann dá fhorálacha, maran iarratas é fé alt a dó fo-alt a ceathair, no fé alt a trí fo-alt a trí den Acht so, ach an t-éileamh no na himeachta eile sin d'eirghe i dtaobh tighe chomhnaithe nách mó a riail-chíos bliana ná sé púint ar fhichid, no gach taobh do thoiliú i scríbhinn chun go ndeighleálfi leis ar an gcuma san.

(b) Bainfidh alt a cúig déag den Acht Údaráis Achmair (Éirinn), 1851, le haon tigh comhuaithe le n-a mbaineann an tAcht so, agus 'na mbeidh tionónta ag cimeád seilbhe air de bhua forálacha an Achta so, chó maith is gurb é rud an cíos a luaidhtear san alt san ná cíos ná raghaidh thar sé púint ar fhichid per annum gan áireamh do dhéanamh ar aon mhéaduithe a ceaduítear fén Acht so.

(3) Einne go ngoillfidh air aon tsocrú a dhéanfidh Cúirt Dúithche fén alt so féadfa sé athchomharc do dhéanamh chun na Cúirte Contae ar an gcuma orduithe, agus ní bheidh dul thar breith na Cúirte Contae ar aon athchomharc:

Ach ní féadfar aon athchomharc do dhéanamh in aon chás in ar thoiligh gach taobh i scríbhinn ná beadh dul thar breith an Ghiúistís Dúithche.

(4) Ní bheidh dul thar breith na Cúirte Contae i dtaobh cíos no luach ionrátuithe do roinnt.

Rialacha i dtaobh nósimeachta

19. —(1) Féadfidh an Coiste Rialacha a ceapfar fén alt so rialacha do dhéanamh agus treoracha do thabhairt fé mar is oiriúnach leo chun an tAcht so do chur in éifeacht agus, go mór mór, féadfid, leis na rialacha no treoracha san, socrú do dhéanamh chun go mbeidh aon imeachta chun crícheanna an Achta so ar siúl go príbháideach sa mhéid gur maith san, agus chun aon táillí do mhaitheamh, agus chun go socrófar, ar shlí achmair, agus de bharr iarratais thosaigh, aon cheist a eireoidh fen Acht so.

(2) An Coiste Rialacha a bheidh ann chun crícheanna an Achta so, beidh sé co-dhéanta de—

(a) dhá Bhreitheamh Chúirte Contae a ainmneoidh an Prímh-Ghiúistís o am go ham, agus

(b) aon Ghiúistís Dúitche amháin a ainmneoidh an tAire um Ghnóthaí Dúithche o am go ham, agus

(c) aon Abhcóide amháin, ag cleachta a ghairme agus seasamh seacht mblian ar a luíod aige, abhcóide ainmneoidh an tArd-Aturnae o am go ham, agus

(d) an té is Uachtarán de thurus na huaire do Dhlí-Chumann Ionchorpruithe na hÉireann.

Gearr-Theideal agus Buaine.

20. —(1) Féadfar an tAcht um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 , do ghairm den Acht so.

(2) Acht amháin i gcásanna ina bhforáltar a mhalairt tiocfidh an tAcht so i ngníomh an ceathrú lá fichead de Mheitheamh, naoi gcéad déag a trí fichead, agus leanfa sé i bhfeidhm go dtí an ceathrú lá fichead de Mheitheamh naoi gcéad déag a sé fichead:

Ach ní dhéanfidh dul in éag don Acht so a chur ar chumas tiarna tighe aon chíos, ús no suim eile d'fháil nárbh fhéidir a fháil agus an tAcht i bhfeidhm, ná ní dhéanfa sé difir do cheart tionónta chun aon tsuim d'fháil do b'fhéidir do a fháil agus an tAcht so i bhfeidhm.