|
||||
|
| Ar Aghaidh (SCEIDEAL.) |
| [EN] | ||
Uimh. 3 de 1922. | ||
| [EN] |
ACHT LEITHREASA, 1922. | |
ACHT CHUN SUIMEANNA áIRITHE DO DHEONú AGUS DO CHUR I LEITHREAS CHUN SEIRBHíSE NA BLIANA AIRGID A CHRíOCHNóIDH AR AN 31adh Lá DE MHáRTA, 1923 [20adh Mí na Nodlag, 1922]. | ||
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
|
1. Féadfaidh an t-Aire um Airgead an tsuim sin a dhéanfaidh, i dteanta na suimeanna a tugadh cheana féin chun Seirbhísí Soláthair as Ciste Có-dhlúite an Rialtais Shealadaigh, an lántsuim d'ocht milleoin déag ar fhichid, aon mhíle dhéag is dachad agus sé púint is cheithre fichid, do thabhairt as an bPrímh-Chiste agus é do chur chun líona an tsoláthair do deonadh chun seirbhíse na bliana a chríochnóidh ar an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta, míle naoi gcéad a trí is fiche. | ||
|
2. —(i.) Féadfaidh an t-Aire um Airgead aon tsuim no suimeanna ná raghaidh thar an méid a údaruíonn Alt a hAon den Acht so do thabhairt amach, d'fháil ar iasacht ó aon duine no ó aon bhanc-bhárdas i Saorstát Éireann agus féadfaidh Banc na hÉireann í no iad do thabhairt ar iasacht don Aire um Airgead, ar chreidiúint na suime a údarófar mar sin; agus chun críche na hiasachta san féadfaidh an t-Aire um Airgead pé urúsanna ar a mbeidh an ráta úis sin agus a bheidh de réir na gcoiníollacha san i dtaobh aisig, fuascailte no aon ní eile is oiriúnach leis, do bhunú agus do thabhairt amach. | ||
(ii.) Eileofar ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis bunairgead agus ús pé urúis a tabharfar amach fén Acht so agus na costaisí a thárlóidh i dtaobh tabhartha amach na n-urús san. | ||
(iii.) Aon airgead a gheobhfar de bharr urúsanna a tabharfar amach fén Acht so cuirfear é i leith chúntais an Stát-Chiste agus beidh sé mar chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí 'na mbeidh an Ciste sin ar fáil. | ||
|
3. Na suimeanna uile a dheonuíonn an t-Acht so i dteanta na suimeanna do tugadh amach cheana i gcóir Seirbhísí Soláthair as Ciste Có-dhlúite an Rialtais Shealadaigh gurb é a n-iomlán ocht milleoin déag ar fhichid, aon mhíle dhéag is dachad agus sé púint is cheithre fichid do réir mar teasbántar i gcolún (3) den Sceideal a ghabhann leis an Acht so, cuirfear agus tuigfear iad do chur i leithreas chun na seirbhísí agus na gcríoch atá luaidhte i gcolún (2) den Sceideal roimh-ráite. | ||
Tuigfear an Sceideal roimh-ráite do bheith 'na chuid den Acht so i leith is go raibh sé i gcorp an Achta. | ||
I dteanta na suimeanna a deontar leis seo as an bPrímh-Chiste, féadfar na suimeanna a teasbántar fé seach i gcolún (4) den Sceideal roimh-ráite do thabhairt as aon airgead go n-orduítear, fé alt a dó den Acht ar Chúntaisí Puiblí agus Muirir, 1891, a thabhairt mar leithreasaí i gcabhair na ndeontas do sna seirbhísí is na críocha atá luaidhte i gcolún (2) den Sceideal roimh-ráite. | ||
|
4. Ní bhfaghaidh neach aon chuid de dheontas a déanfar ar son seirbhísí neamh-fheidhmiúla do réir an Achta so go dtí go gcuirfe sé a ainm le pé faisnéis a leagfar amach ó am go ham le barántas ón Aire um Airgead i bhfianaise duine de sna daoine a luadhfar sa bharántas san. | ||
Ar choiníoll nuair a déanfar aon díoluíocht dá sórt níos minicí ná uair sa ráithe go bhféadfaidh an t-Aire um Airgead a cheadú nách gá níos mó ná faisnéis amháin do theasbáint i gcóir gach ráithe. | ||
Aon duine a dhéanfaidh faisnéis chun críche an ailt seo, agus a fhios aige neamh-fhírinne do bheith in aon phonc táchtach di, beidh sé ciontach i mí-iompar. | ||
|
5. Féadfar an t-Acht Leithreasa, 1922 , do ghairm don Acht so chun gach críche. |