First Previous (SCHEDULE 8)

50 2001

CRIMINAL JUSTICE (THEFT AND FRAUD OFFENCES) ACT, 2001

SCHEDULE 9

Section 41.

Text in the Irish language of the Protocol drawn up on the basis of Article K.3 of the Treaty on European Union, to the Convention on the protection of the European Communities financial interests done at Brussels on 19 June 1997

AN DARA PRÓTACAL

arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den chonradh ar an Aontas Eorpach, a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA sa Phrótacal seo, Ballstáit den Aontas Eorpach,

AG TAGAIRT DÓIBH do Ghníomh ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh an 19 Meitheamh 1997;

ÓS MIAN LEO a áirithiú go geuidíonn a ndlíthe coiriúla go héifeachtúil le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint:

AG AITHINT DÓIBH thábhacht Choinbhinsiún an 26 Iúil 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint chun calaois a dhéanann dochar d'ioncam agus caiteachas na gComhphobal a chomhrac;

AG AITHINT DÓIBH thábhacht Phrótacal an 27 Meán Fómhair 1996 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin sa chomhrae i geoinne éilliú a dhéanann díobháil, nó ar dóigh dó díobháil a dhéanamh, do leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach;

ÓS FIOS DÓIBH go bhféadfaidh gníomhartha arna ndéanamh thar ceann daoine dlítheanacha agus gníomhartha a bhfuil sciúradh airgid i dtreis iontu díobháil a dhéanamh do leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach nó bheith ina mbagairt orthu;

ÓS DEIMHIN LEO gur gá an dlí náisiúnta a oiriúnú, nuair is gá, chun a fhoráil go bhféadfar daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas i geásanna calaoise nó éillithe ghníomhaigh agus sciúrtha airgid a dhéanann díobháil, nó ar dóigh dóibh díobháil a dhéanamh, do leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach;

ÓS DEIMHIN LEO gur gá an dlí náisiúnta a oiriúnú, nuair is gá, chun gníomhartha a phionósú lena ndéantar fáltais ón gealaois nó ón éilliú a sciúradh a dhéanann díobháil, nó ar dóigh dóibh díobháil a dhéanamh, do leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach agus chun gur féidir fáltais ó chalaois agus éilliú den sórt sin a choigistiú;

ÓS DEIMHIN LEO gur gá an dlí náisiúnta a oiriúnú, nuair is gá, d'fhonn a chose go ndéanfar cúnamh frithpháirteach a dhiúltú toise amháin go bhfuil baint ag na cionta atá folaithe sa Phrótacal seo le cionta a bhaineann le cánacha nó dleachtanna custaim nó go meastar gur cionta den saghas sin iad;

AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH go bhfuil an comhar idir na Ballstáit folaithe cheana i gCoinbhinsiún an 26 Iúil 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint ach gur ga, gan dochar d'oibleagáidí faoin dlí Comhphobail, a fhoráil go hiomchuí freisin do chomhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún d'fhonn gníomhaíocht éifeachtúil a áirithiú i geoinne na calaoise, an éillithe ghníomhaigh agus neamhghníomhaigh agus sciúradh airgid gaolmhar a dhéanann díobháil, nó ar dóigh dóibh díobháil a dhéanamh, do leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach, lena n-áirítear malartú faisnéise idir na Ballstáit agus an Coimisiún;

DE BHRÍ gur gá, d'fhonn malartú faisnéise a chothú agus a éaseú, cosaint leormhaith a áirithiú do shonraí pearsanta;

DE BHRÍ nár chóir go mbeadh an malartú faisnéise ina bhac ar imscrúduithe atá faoi shiúl agus gur gá dá bhrí sin a fhoráil go gcosnófar rúndacht an imscrúdaithe;

DE BHRÍ gur chóir freisin forálacha iomchuí a leagan síos maidir le dlínse Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach;

DE BHRÍ, ar deireadh, gur chóir forálacha ábhartha Choinbhinsiún an 26 Iúil 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint a chur i bhfeidhm ar ghníomhartha áirithe atá folaithe sa Phrótacal seo.

TAR ÉIS COMHAONTÚ AR NA FORÁLACHA SEO A LEANAS:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críoch an Phrótacail seo:

(a) ciallaíonn “an Coinbhinsiún” Coinbhinsiún an 26 Iúil 1995, arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint(1) ;

(b) ciallaíonn “calaois” an t-iompar dá dtagraítear in Airteagal 1 den Choinbhinsiún;

(c) — ciallaíonn “éilliú neamhghníomhach” an t-iompar dá dtagraítear in Airteagal 2 de Phrótacal an 27 Meán Fómhair 1996, arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint(2) ;

— ciallaíonn “éilliú gníomhach” an t-iompar dá dtagraítear in Airteagal 3 den Phrótacal céanna;

(d) ciallaíonn “duine dlítheanach” aon eintiteas a bhfuil stádas den sórt sin aige faoin dlí náisiúnta is infheidhme, amach ó Stáit nó comhlachtaí poiblí eile i bhfeidhmiú údarás an Stáit agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta poiblí;

(e) ciallaíonn “sciúradh airgid” an t-iompar atá sainithe sa tríú flease d'Airteagal 1 de Threoir 91/308/CEE ón gComhairle an 10 Meitheamh 1991 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun críche sciúradh airgid a chose(3) , a bhaineann le fáltais ón gealaois, ar a laghad i geásanna tromchúiseacha calaoise, agus ón éilliú gníomhach agus neamhghníomhach.

Airteagal 2

Sciúradh airgid

Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun sciúradh airgid a bhunú mar chion coiriúil.

Airteagal 3

Dliteanas daoine dlítheanacha

1. Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas don chalaois, don éilliú gníomhach agus do sciúradh airgid arna ndéanamh ar mhaithe leo ag aon duine, ag gníomhú dó ina aonar nó mar bhall d'orgán de chuid an duine dhlítheanaigh, a bhfuil ardseasamh aige laistigh den duine dlítheanach atá bunaithe:

—  ar chumhacht ionadaíochta don duine dlítheanach, nó

—  ar údarás chun cinntí a ghlacadh thar ceann an duine dhlítheanaigh, nó

—  ar údarás chun rialú a fheidhmiú laistigh den duine dlítheanach.

agus freisin faoi dhliteanas do bheith i dtreis mar chúlpháirtithe nó mar ghríosóirí i gealaois, in éilliú gníomhach nó i sciúradh airgid den sórt sin nó in iarracht ar chalaois den sórt sin a dhéanamh.

2. Amach ó na cásanna dá bhforáiltear cheana i mír I, glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar duine dlítheanach a chur faoi dhliteanas nuair is é an easpa maoirseachta nó rialaithe de chuid duine dá dtagraítear i mír I ba chúis gurbh fhéidir le duine faoina údarás calaois nó gníomh éillithe ghníomhaigh nó sciúradh airgid a dhéanamh ar mhaithe leis an duine dlítheanach sin.

3. Ní eisiafaidh dliteanas duine dhlítheanaigh faoi mhíreanna 1 agus 2 imeachtaí coiriúla i gcoinne daoine nádúrtha is údair nó gríosóirí na calaoise, an éillithe ghníomhaigh nó an sciúrtha airgid nó is cúlpháirtithe iontu.

Airteagal 4

Smachtbhannaí do dhaoine dlítheanacha

1. Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh duine dlítheanach arna chur faoi dhliteanas de bhun Airteagal 3(1) inphionóis le smachtbhannaí atá éifeachtúil, comhréireach agus athehomhairleach a chuimseoidh fíneálacha coiriúla nó neamhchoiriúla agus a fhéadfaidh smachtbhannaí eile a chuimsiú amhail:

(a) eisiamh ón teideal chun sochar poiblí nó cúnaimh;

(b) dícháiliú sealadach nó buan chun gníomhaíochtaí tráchtála a chleachtadh;

(c) cur faoi mhaoirseacht bhreithiúnach;

(d) ordú foirceanta breithiúnach.

2. Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh duine dlítheanach arna chur faoi dhliteanas de bhun Airteagal 3(2) inphionóis le smachtbhannaí nó bearta atá éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 5

Coigistiú

Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar ionstraimí na calaoise, an éillithe ghníomhaigh agus neamhghníomhaigh agus an sciúrtha airgid, agus fáltais uathu nó maoin a bhfreagraíonn a luach d'fháltais den sórt sin, a urghabháil agus, gan dochar do chearta tríú páirtithe bona fide, a choigistiú nó a aistriú. Déileálfaidh an Ballstát, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, le haon ionstraimí, fáltais nó maoin eile arna n-urghabháil nó arna gcoigistiú.

Airteagal 6

Cionta a bhaineann le cánacha agus dleachtanna custaim

Ní fhéadfaidh Ballstát diúltú cúnamh frithpháirteach a sholáthar i ndáil leis an gealaois, an éilliú gníomhach agus neamhghníomhach agus an sciúradh airgid toise amháin go bhfuil baint aige le cion a bhaineann le cánacha nó dleachtanna custaim nó go meastar gur cion den saghas sin é.

Airteagal 7

Comhar le Coimisiún na gComhphobal Eorpach

1. Comhoibreoidh na Ballstáit agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach le chéile chun an chalaois, an t-éilliú gníomhach agus neamhghníomhach agus sciúradh airgid a chomhrac.

Chuige sin, soláthróidh an Coimisiún aon chúnamh teieniúil agus oibríochtúil a fhéadfaidh a bheith ag teastáil ó na húdaráis náisiúnta inniúla chun comhordú a n-imscrúduithe a éascú.

2. Féadfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit faisnéis a mhalartú leis an gComisiún chun gur fusa na fíorais a shuíomh agus gníomhaíocht éifeachtúil a áirithiú i gcoinne na calaoise, an éillithe ghníomhaigh agus neamhghníomhaigh agus an sciúrtha airgid. Cuirfidh an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta inniúla san áireamh, i ngach cás sonrach, riachtanais rúndacht na n-imscrúduithe agus chosaint na sonraí. Chuige sin, féadfaidh Ballstát, tráth na faisnéise a sholáthar don Choimisiún, coinníollacha sonracha a leagan síos a fholaíonn úsáid na faisnéise ag an gCoimisiún nó ag Ballstát eile a bhféadfar an fhaisnéis sin a chur chuige.

Airteagal 8

Freagracht an Choimisiúin as sonraí a chosaint

Áiritheoidh an Coimisiún, i gcomhthéacs faisnéis a mhalartú faoi Airteagal 7(2), go n-urramóidh sé, i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta, leibhéal cosanta is coibhéiseach leis an leibhéal cosanta atá leagtha amach i dTreoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sónraí pearsanta agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin(1) .

Airteagal 9

Rialacha cosanta sonraí a fhoilsiú

Déanfar na rialacha a ghlacfar maidir leis na hoibleagáidí faoi Airteagal 8 a fhoilsiú in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach.

Airteagal 10

Sonraí a aistriú chuig Ballstáit eile agus chuig tríú tíortha

1. Faoi réir aon choinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 7(2), féadfaidh an Coimisiún sonraí pearsanta a fhaightear ó Ballstát i bhfeidhmiú a fheidhmeanna faoi Airteagal 7 a aistriú chuig aon Bhallstát eile. Cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát a sholáthair an fhaisnéis go bhfuil sé ar intinn aige an t-aistriú sin a dhéanamh.

2. Féadfaidh an Coimisiún, faoi na coinníollacha céanna, sonraí pearsanta a fhaightear ó Bhallstát i bhfeidhmiú a fheidhmeanna faoi Airteagal 7 a aistriú chuig aon tríú tír ar chuntar go bhfuil an Ballstát a sholáthair an fhaisnéis tar éis comhaontú leis an aistriú sin.

Airteagal 11

Údarás maoirseachta

Aon údarás arna cheapadh nó arna chruthú d'fhonn feidhm na maoirseachta neamhspleáiche ar chosaint sonraí a fheidhmiú maidir le sonraí pearsanta arna sealbhú ag an gCoimisiún de bhun a fheidhmeanna faoin gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, beidh sé inniúil chun an fheidhm chéanna a fheidhmiú i leith sonraí pearsanta arna sealbhú ag an gCoimisiún de bhua an Phrótacail seo.

Airteagal 12

Gaol leis an gCoinbhinsiún

1. Beidh forálacha Airteagail 3, 5 agus 6 den Choinbhinsiún infheidhme freisin ar an iompar dá dtagraítear in Airteagal 2 den Phrótacal seo.

2. Beidh na forálacha seo a leanas den Choinbhinsiún infheidhme freisin ar an bPrótacal seo:

—  Airteagal 4, ar é a bheith le tuiscint go mbeidh aon dearbhú de réir bhrí Airteagal 4(2) den Choinbhinsiún infheidhme freisin ar an bPrótacal seo mura sonrófar a mhalairt tráth an fhógra dá bhforáiltear in Airteagal 16(2) den Phrótacal seo a thabhairt,

—  Airteagal 7, ar é a bheith le tuiscint go mbeidh prionsabal “ne bis in idem” infheidhme freisin ar dhaoine dlítheanacha agus go mbeidh aon dearbhú de réir bhrí Airteagal 7(2) den Choinbhinsiún infheidhme freisin ar an bPrótacal seo mura sonrófar a mhalairt tráth an fhógra dá bhforáiltear in Airteagal 16(2) den Phrótacal seo a thabhairt,

—  Airteagal 9,

—  Airteagal 10.

Airteagal 13

An Chúirt Bhreithiúnais

1. Ní foláir don Chomhairle aon díospóid idir na Ballstáit maidir le léiriú nó cur i bhfeidhm an Phrótacail seo a phlé mar chéad chéim i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach d'fhonn teacht ar réiteach.

Mura mbeidh réiteach faighte laistigh de thréimhse sé mhí, féadfaidh páirtí sa díospóid í a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais.

2. Aon díospóid idir Ballstát amháin nó níos mó agus an Coimisiún maidir le hAirteagal 2, i ndáil le pointe (e) d'Airteagal 1, agus le hAirteagail 7, 8 agus 10 agus leis an gceathrú fleasc d'Airteagal 12(2) den Phrótacal seo a chur i bhfeidhm nárbh fhéidir a réiteach trí chaibidlíocht, féadfar í a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais tar éis do thréimhse sé mhí ón dáta a thug ceann de na páirtithe fógra don pháirtí eile go raibh díospóid ann dul in éag.

3. Beidh Prótacal an 29 Samhain 1996, arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le léiriú, trí réamhrialú, ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach ar an gCoinbhinsiún maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosant(1) , infheidhme ar an bPrótacal seo, ar é a bheith le tuiscint go mbeidh dearbhú arna dhéanamh ag Ballstát de bhun Airteagal 2 den Phrótacal sin bailí freisin i leith an Phrótacail seo mura ndéanfaidh an Ballstát i dtrácht dearbhú dá mhalairt tráth an fhógra dá bhforáiltear in Airteagal 16(2) den Phrótacal seo a thabhairt.

Airteagal 14

Dliteanas neamhchonarthach

Chun críoch an Phrótacail seo, beidh dliteanas neamhchonarthach an Chomhphobail faoi rialú ag an dara mír d'Airteagal 215 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh. Beidh Airteagal 178 den Chonradh céanna infheidhme.

Airteagal 15

Rialú breithiúnach

1. Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais in imeachtaí arna dtionscnamh ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach in aghaidh cinneadh ón gCoimisiún a díríodh chuig an duine sin nó is dá chúram go díreach agus go leithleach, mar gheall ar shárú Airteagal 8 nó aon riail arna glacadh dá bhun nó mar gheall ar mhí-úsáid cumhachtaí.

2. Beidh Airteagail 168a(1) agus (2), an cúigiú mír d'Airteagal 173, an chéad mhír d'Airteagal 174, an chéad mhír agus an dara mír d'Airteagal 176, agus Airteagail 185 agus 186 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, maille le Reacht Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach, infheidhme mutatis mutandis.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm

1. Beidh an Prótacal seo faoi réir a ghlactha ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

2. Cuirfidh na Ballstáit in iúl d'Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh go bhfuil na nósanna imeachta is gá faoina rialacha bunreachtúla faoi seach chun an Prótacal seo a ghlacadh comhlíonta acu.

3. Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm 90 lá tar éis don fhógra dá bhforáiltear i mír 2 a bheith tugtha ag an Stát is Ballstát den Aontas Eorpach ar an dáta a ghlac an Chomhairle an Gníomh ag dréachtú an Phrótacail seo is déanaí a dhéanfaidh an beart sin. Mura mbeidh an Coinbhinsiún tagtha i bhfeidhm ar an dáta sin áfach, tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm ar an dáta a thiocfaidh an Choinbhinsiún i bhfeidhm.

4. Ar a shon sin, déanfar cuir i bhfeidhm Airteagal 7(2) a fhionraí mura mbeidh, agus fad nach mbeidh, an institiúid ábhartha de chuid na gComhphobal Eorpach tar éis a hoibleagáid na rialacha cosanta sonraí a fhoilsiú de bhun Airteagal 9 a chomhlíonadh nó mura mbeifear, agus fad nach mbeifear, tar éis téarmaí Airteagal 11 maidir leis an údarás maoirseachta a chomhlíonadh.

Airteagal 17

Aontachas Ballstát nua

1. Beidh an Prótacal seo ar oscailt d'aontachas aon Stát a thiocfaidh chun bheith ina Bhallstát den Aontas Eorpach.

2. Is téacs údarásach téacs an Phrótacail seo i dteanga an Stáit aontaigh, arna dhréachtú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh.

3. Déanfar ionstraimí aontachais a thaisceadh leis an taiscí.

4. Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm i leith aon Stát a aontaíonn dó 90 lá tar éis dó a ionstraim aontachais a thaisceadh nó ar dháta an Phrótacail seo a theacht i bhfeidhm mura mbeidh sé tagtha i bhfeidhm fós tráth na tréimhse thuasluaite 90 lá a dhul in éag.

Airteagal 18

Forchoimeádais

1. Féadfaidh gach Ballstát an ceart a fhorchoimeád gan sciúradh airgid a bhaineann leis na fáltais ón éilliú gníomhach agus neamhghníomhach a bhunú mar chion coiriúil ach i gcásanna tromchúiseacha éillithe ghníomhaigh agus neamhghníomhaigh. Aon Bhallstát a dhéanann forchoimeádas den sórt sin, cuirfidh sé an taiscí ar an eolas tráth an fhógra dá bhforáiltear in Airteagal 16(2) a thabhairt, agus tabharfaidh sé na mionsonraí dó maidir le raon feidhme an fhorchoimeádais. Beidh forchoimeádas den sórt sin bailí go ceann tréimhse cúig bliana ón bhfógra sin. Féadfar é a athnuachan uair amháin go ceann tréimhse eile cúig bliana.

2. Féadfaidh Poblacht na hOstaire a dhearbhú, tráth an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 16(2) a thabhairt, nach mbeidh sí faoi cheangal ag Airteagail 3 agus 4. Scoirfidh dearbhú den sórt sin d'éifeacht a bheith leis cúig bliana tar éis dháta glactha an Ghnímh ag dréachtú an Phrótacail seo.

3. Ní cheadófar aon fhorchoimeádas eile amach ó na cinn dá bhforáiltear sa chéad fhleasc agus sa dara fleasc d'Airteagal 12(2).

Airteagal 19

Taiscí

1. Is é Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh taiscí an Phrótacail seo.

2. Foilseoidh an taiscí in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach faisnéis maidir leis an bPrótacal seo a ghlacadh agus aontachais leis, na dearbhuithe, na forchoimeádais agus gach fógra eile a bhaineann leis an bPrótacal seo.

(1) IO Uimh. C 316, 27.11.1995, Ich. 49.

(2) IO Uimh. C 313, 23.10.1996, Ich. 2.

(3) IO Uimh. L 166, 28.6.1991, Ich. 77.

(1) IO Uimh. L 281, 23.11.1995, Ich. 31.

(1) IO Uimh. C 151. 20.5.1997, Ich. 1.