First Previous (THIRD SCHEDULE The text in the Irish language of the 1980 Convention)

8 1991

CONTRACTUAL OBLIGATIONS (APPLICABLE LAW) ACT, 1991

FOURTH SCHEDULE

The text in the Irish language of the 1984 Accession Convention

Section 2 .

COINBHINSIÚN

ar aontú na Poblachta Heilléanaí don Choinbhinsiún ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha, a osclaíodh chun sínithe sa Róimh an 19 Meitheamh 1980.

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA SA CHONRADH AG BUNÚ CHOMHPHOBAL EACNAMAÍOCHTA NA hEORPA,

DE BHRÍ gur ghabh an Phoblacht Heilléanach uirthi féin, ar theacht di chun bheith ina comhalta den Chomhphobal, aontú don Choinbhinsiún ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha, a osclaíodh chun sínithe sa Róimh an 19 Meitheamh 1980,

TAR ÉIS CINNEADH ar an gCoinbhinsiún seo a chur i gcrích agus chuige sin tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh mar Lánchumhachtaigh:

(Ainmniúcháin na Lánchumhachtach)

NOCH A RINNE, i dtionól na Comhairle, tar éis dóibh a Lánchumhachtaí, agus iad i bhfoirm cheart chuí, a thabhairt ar aird dá chéile,

COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Aontaíonn an Phoblacht Heilléanach tríd seo don Choinbhinsiún ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha, a osclaíodh chun sínithe sa Róimh an 19 Meitheamh 1980.

Airteagal 2

Déanfaidh Ard-Rúnaí Chomhairle na gComphobal Eorpach cóip dheimhnithe den Choinbhinsiún ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha sa Bhéarla, sa Danmhairgis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, san Iodáilis agus san Ollainnis a chur chuig Rialtas na Poblachta Heilléanaí.

Déanfar téacs Gréigise an Choinbhinsiúin ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha a chur i gceangal leis an gCoinbhinsiún seo. Beidh comhúdarás ag an téacs Gréigise, faoi na coinníollacha céanna, le téacsanna eile an Choinbhinsiúin ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha.

Airteagal 3

Déanfaidh Stáit a shínithe daingniú ar an gCoinbhinsiún seo. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin le hArd-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm, amhail idir na Stáit a mbeidh daingniú déanta acu air, an chéad lá den tríú mí i ndiaidh taisceadh na hionstraime daingniúcháin deiridh ag an bPoblacht Heilléanach agus ag seacht Stát a bhfuil daingniú déanta acu ar an gCoinbhinsiún ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha.

Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm do gach Stát Conarthach a dhaingneoidh é dá éis sin an chéad lá den tríú mí i ndiaidh taisceadh a ionstraime daingniúcháin.

Airteagal 5

Cuirfidh Ard-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach in iúl do Stáit an Choinbhinsiúin seo a shíniú:

(a) taisceadh gach ionstraime daingniúcháin;

(b) dátaí an Choinbhinsiúin seo a theacht i bhfeidhm do na Stáit Chonarthacha.

Airteagal 6

Tarraingíodh an Coinbhinsiún seo suas i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhearla, sa Danmhairgis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis agus san Ollainnis, agus comhúdarás ag gach ceann de na hocht dtéacs; taiscfear é i gcartlann Ardrúnaíocht Chomhairle na gComhphobal Eorpach, agus cuirfidh an tArd-Rúnaí cóip dheimhnithe de chuig rialtas gach ceann de Stáit a shínithe.